Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 3:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Baistim‐se le h‐uisce siḃ ċum aiṫriġe; aċt an té atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a ḃróga d’iomċar: baistfiḋ seisean siḃ leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ. Atá a ċáiṫteaċán ’n‐a láiṁ aige,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Baistim-se siḃ leoga le h-uisce ċun aiṫriġe; aċt an té atá le ṫeaċt i mo ḋiaiḋ, is treise é ná mise, agus ní fiú mé a ḃróga d’iomċar: baistfiḋ seisean siḃ leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Táim-se ag ḃúr mbaiste le h-uisge ċun aiṫriġe, aċ an t-é atá ag teaċt am’ ḋiaiḋ is cóṁaċtaíġe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a ḃróga d’iompar; baistfiḋ sé sin siḃ leis an Spioraid Naoṁ agus le teine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Go deiṁin baisdimsi siḃ lé huisge do ċum aiṫriġe: aċd ċeana an té ṫig am ḋíaiġ is láidire é ná me, agus ni fíu misi a ḃróga diomċur: baisdfe seisean leis an Spioraid Náoṁ, agus lé teiniġ siḃ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 3:11
29 Iomraidhean Croise  

agus do ḃaist sé i nIórnán iad, agus iad ag adṁáil a bpeacaḋ.


Do ḃí Eoin ag baisteaḋ ins an ḃfásaċ agus ag seanmórú baiste na h‐aiṫriġe ċum maiṫeaṁnais na bpeacaḋ.


Agus gluaisfiḋ sé roiṁe i gcuṁaċt Éliais, ċum croiḋṫe na n‐aṫar d’iompóḋ ċum na clainne, agus ċum an luċt easuṁal d’iompoḋ ċum eagna na ḃfíréan, agus ċum pobal fíréan d’ullṁú do’n Tiġearna.


d’ḟreagair Eoin, agus aduḃairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce siḃ; aċt atá an té is treise ’ná mé ag teaċt, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a ḃróg: baistfiḋ seisean leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ siḃ:


Agus ṫáinig sé isteaċ sa gceanntar i dtimċeall Iornán, ag fógairt baistiḋ na h‐aiṫriġe ċum maiṫeaṁnais na bpeacaḋ;


Do‐ḃeir Eoin fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ agus glaoḋann sé, g‐á ráḋ, Is é seo an té go nduḃras ’n‐a ṫaoḃ, An té atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ, do cuireaḋ róṁam é, óir ḃí sé ann róṁam.


Is é sin an té go nduḃras ’n‐a ṫaoḃ, Atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ fear do cuireaḋ róṁam, óir do ḃí sé ann róṁam.


óir do‐rinne Eoin baisteaḋ go dearḃṫa le h‐uisce; aċt baistfear siḃ‐se leis an Spiorad Naoṁ taoḃ istiġ de ḃeagán laeṫe.


Agus aduḃairt Pól, Do ḃaist Eoin le baisteaḋ na h‐aiṫriġe, g‐á raḋ leis na daoiniḃ creideaṁain san té do ḃí le teaċt ’n‐a ḋiaiḋ, is é sin, i nÍosa.


Agus san tsliġe ḋóiḃ, ṫángadar mar a raiḃ uisce; agus aduḃairt an coillteánaċ, Féaċ, an t‐uisce; Créad atá ag cur coisc lem’ ḃaisteaḋ?


Agus d’órduiġ sé an carbad do ċur ’n‐a stad: agus do ċuadar beirt, Pilib agus an coillteánaċ, síos isteaċ san uisce; agus do ḃaist sé é.


Óir i n‐aon Spiorad aṁáin is eaḋ do baisteaḋ sinn ċum aon ċorp aṁáin do ḋéanaṁ, is cuma cia aca lúdaiġ nó Gréagaiġ sinn, nó cia aca daor nó saor dúinn; agus gur ólamar uile de’n aon Spiorad aṁáin.


Dáṁ‐sa, atá níos luġa ’ná an té is luġa de na naoṁaiḃ go léir, tugaḋ an grása so, ċum saiḋḃreas do‐ċuarduiġṫe Ċríost do ṡeanmorú do na Cineaḋaċaiḃ;


ní h‐é do réir gníoṁarṫa fíréanta do ḃí déanta againn, aċt do réir a ṫrócaire féin, do ṡlánuiġ sé sinn, tré ḃaisteaḋ na h‐aiṫ‐ġeineaṁna agus tré aṫnuaḋaḋ an Spioraid Naoiṁ;


Ar an gcuma ċéadna, cuireaḋ an t‐aos óg iad féin fá ċeannas na seanóir. Bíoḋ an uṁlaċt mar ċlúdaċ oraiḃ, óir cuireann Dia i n‐aġaiḋ na n‐uaiḃreaċ, aċt do‐ḃeir sé grása do na h‐uṁlaiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan