Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 28:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus féaċ, ṫáinig crioṫ mór talṁan; óir ṫáinig aingeal an Tiġearna anuas ó neaṁ, agus d’iontuiġ sé an ċloċ, agus do ṡuiḋ sé uirṫi.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus féaċ, ḃí craṫaḋ mór talaiṁ ann. Óir ṫuirling aingeal leis an Tiġearna ó neaṁ, agus ṫáinic sé gur ṫionntuiġ sé siar an ċloċ, agus ṡuiḋ sé uirṫí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus féaċ, ṫáinig luasgaḋ mór talṁan. Mar ṫáinig aingeal an Tiġearna anuas ó neaṁ, agus ċuaiḋ sé agus d’iompuiġ sé siar an ċloċ agus ṡuiḋ sé uirṫi;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus, féuċ, do ḃí criṫ mór talṁan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tiġearna a núas ó neaṁ, táinic sé, agus diomlait sé an ċloċ ón dorus, agus do ṡuiġ sé uirrṫe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 28:2
12 Iomraidhean Croise  

agus do ċuir sé ’n‐a ṫuama nua féin é, do ḃí gearrṫa i gcarraig aige: agus d’iontuiġ sé leac ṁór ṫar ḃéal an tuama, agus d’imṫiġ sé.


D’imtiġeadar‐san, agus do ḋaingniġeadar an tuama, ag cur séala ar an gcloiċ, agus an gárda ’n‐a ḃfoċair.


Agus an ċéad lá de’n tseaċtṁain ṫáinig Máire Ṁagdaléne go moċ ar maidin, agus an dorċaċt ann fós, go dtí an tuama, agus do ċonnaic sí go raiḃ an leac tógṫa ó’n tuama,


agus go h‐obann d’éiriġ luascaḋ mór talṁan, i dtreo go raiḃ bun an ṗríosúin d’á ṡuaṫaḋ: agus ar an láṫair ḃí dóirse an ṗríosúin ar leaṫaḋ; agus geiṁleaċa gaċ duine scaoilte.


Aċt d’ḟoscail aingeal an Tiġearna dóirse an ṗríosúin san oiḋċe, agus ṫug sé amaċ iad, agus aduḃairt,


Agus gan déidearḃaḋ ar biṫ, is doiṁin í rúindiaṁair na diaḋaċta; an Té do foillsiġeaḋ san ḃfeoil, do fíréanuiġeaḋ san Spiorad, go ḃfaca aingle é, do craoḃscaoileaḋ i measc na gCineaḋaċ, gur creideaḋ ann san tsaoġal, gur tógaḋ suas é san nglóir.


Do noċtaḋ ḋóiḃ, naċ dóiḃ féin, aċt daoiḃ‐se do ḃíodar ag dáileaḋ na neiṫe úd atá curṫa i dtuigsin daoiḃ anois aca‐san do ṡeanmóir an soiscéal daoiḃ tríd an Spiorad Naoṁ do cuireaḋ ó neaṁ; neiṫe is mian le h‐aingliḃ a scrúdú.


Agus do fosclaḋ teampall Dé ar neaṁ; agus do noċtaḋ airc a ċonnarṫa istiġ ’n‐a ṫeampall; agus do ḃí teinnteaċa, agus glórṫa, agus tóirneaċa, agus crioṫ talṁan, agus cloiċ‐ṡneaċta mór ann.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan