Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 26:64 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

64 Aduḃairt Íosa leis, Aduḃrais é: aċt ċeana adeirim leat, Ċifiḋ siḃ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe feasta ar ḋeas‐láiṁ na h‐uile‐ċuṁaċta, agus é ag teaċt ar néalltaiḃ neiṁe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

64 Deir Íosa leis: Duḃairt tú é. Ciḋeaḋ deirim liḃ, ina ḋiaiḋ seo, tċífiḋ siḃ Mac an Duine ina ṡuiḋe ar ḋeas-láiṁ ċuṁaċt Dé, agus ag teaċt ar néallta neiṁe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

64 Aċ ní lúġa adeirim-se liḃ-se, Ċífiḋ siḃ ’n-a ḋiaiḋ so Mac an Duine ’n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ nirt Dé, agus ag teaċt i néallaiḃ neiṁe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

64 A deir Iosa ris, A duḃairt tusa é: aċd ċeana a deirimsi riḃ, Na ḋiaiġ so do ċifiḋe Mac an duine na ṡuiḋe ar deas láiṁ ċuṁaċd Dé, agus ag teaċd a néulliḃ neiṁe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 26:64
26 Iomraidhean Croise  

Agus aduḃairt Íosa, Is mé: agus do‐ċífiḋ siḃ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe ar láiṁ ḋeis na cuṁaċta, agus é ag teaċt le scamallaiḃ neiṁe.


Is é lonnraḋ a ġlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congḃuiġeas gaċ uile niḋ le ċéile le briaṫar a ċuṁaċta; nuair do ḃí na peacaiḋe glanta aige, do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta i n‐áirde;


Féaċ, atá sé ag teaċt leis na néalltaiḃ; agus ċífiḋ gaċ súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfiḋ treaḃa uile an doṁain d’á ḃárr. Mar sin ḃéas. Amen.


ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.


Agus annsin do‐ċífid Mac an Duine ag teaċt i scamall le cuṁaċt agus le glóir ṁóir.


agus annsin do‐ċífear cóṁarṫa Ṁic an Duine sa spéir: agus annsin caoiḋfiḋ ciniḋeaċa an doṁain, agus do‐ċífid Mac an Duine ag teaċt ar scamallaiḃ neiṁe le cuṁaċt agus le sárġlóir.


Agus d’ḟreagair Iúdás, an fear do ḃraiṫ é, agus aduḃairt, An mise é, a Rabbí? Aduḃairt seisean leis, Aduḃrais é.


Aċt nuair ṫiocfas Mac an Duine ’n‐a ġlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinḟeaċt leis, suiḋfiḋ sé annsin i gcaṫaoir a ġlóire:


Óir tiocfaiḋ Mac an Duine i nglóir a Aṫar mar aon le n‐a aingliḃ; agus annsin ċúiteoċaiḋ sé gaċ aoinneaċ de réir a ġníoṁarṫa.


Agus do ċonnacas riġ‐ċaṫaoir ṁór, ġeal, agus an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe innti, gur ṫeiċ an talaṁ agus neaṁ ó n‐a ġnúis; agus ní raiḃ áit le fáġáil dóiḃ.


Óir tiocfaiḋ an Tiġearna ó na flaiṫeasaiḃ anuas le gáir, le guṫ an árd‐aingil, agus le glór stuic Dé: agus is iad na mairḃ i gCríost is túisce éireoċas:


A ḟeara Galiléanaċa, cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ’n‐ḃúr seasaṁ ag aṁarc ar spéir neiṁe? an t‐Íosa so, atá tógṫa suas uaiḃ isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ, tiocfaiḋ sé ar an gcuma ċéadna agus ċonnaic siḃ é ag dul suas ar neaṁ.


Annsin aduḃairt Píoláid leis, An rí ṫú mar sin? D’ḟreagair Íosa, Mar adeirir, is rí mé. Ċuige sin rugaḋ mé, agus ċuige sin ṫánag ar an saoġal, ċum go dtiuḃrainn fiaḋnaise do’n ḟírinne. Gaċ duine atá ar ṫaoḃ na fírinne, éisteann sé lem ġlór.


Agus aduḃairt seisean leo, Adeir siḃ é, gur mé.


Agus do ḃí Íosa ’n‐a ṡeasaṁ i láṫair an riaġaltóra: agus d’ḟiafruiġ an riaġaltóir ḋe, g‐á ráḋ, An tusa Rí na nIúdaċ? Agus aduḃairt Íosa leis, Adeirir é.


Aċt cad ċuige ḋuit‐se loċt d’ḟáġáil ar do ḃráṫair? nó cad ċuige ḋuit dí‐ṁeas do ċur ar do ḃráṫair? mar seasfaimíd uile os coṁair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Dé.


Agus aduḃairt Íosa leis, Atá uaċaise ag na sionnaċaiḃ, agus atá neada ag éanlaiṫiḃ na spéire; aċt ní ḟuil ag Mac an Duine áit ar a leagfaḋ sé a ċeann.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Atá cuid díoḃ‐san atá n‐a seasaṁ annso, naċ mblaisfiḋ bás nó go ḃfeicid Mac an Duine ag teaċt ’n‐a ríoġaċt.


Aduḃairt an Tiġearna lem’ Ṫiġearna‐sa, Suiḋ ar mo láiṁ ḋeis, Go gcuiread do náiṁde fá do ċosaiḃ?


Agus ṫáinig Íosa ċuca agus do laḃair sé leo, g‐á ráḋ, Tugaḋ ḋaṁ‐sa gaċ cuṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ.


Aċt ó’n tráṫ so amaċ béiḋ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis cuṁaċta Dé. Agus aduḃradar go léir, An tusa Mac Dé, d’á ḃriġ sin?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan