Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 26:53 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

53 Nó an measann tú naċ féidir liom glaoḋaċ ar m’Aṫair, agus cuirfiḋ sé ċugam anois díreaċ tuilleaḋ agus ḋá léigiún déag d’aingliḃ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

53 An síleann tú naċ dtig liom larraiḋ ar m’Aṫair, agus ḃéarfaiḋ sé daṁ ar an ḃomaite níos mó ná ḋá léiguín déag aingeal?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

53 An aṁlaiḋ is dóiġ leat náċ féidir dóṁ-sa a iarraiḋ ar m’Aṫair, agus cuirfiḋ sé ċúġam láiṫreaċ níos mó ’ná ḋá legión déag aingeal?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

53 A né naċ sáoileann tú gur ab éidir leamsa Maṫair do ġuiḋe a nois, agus do ḃéaraḋ sé ḋaṁ do láṫair ní sa ṁó ná ḋá léġión dég daingliḃ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 26:53
12 Iomraidhean Croise  

Aċt nuair ṫiocfas Mac an Duine ’n‐a ġlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinḟeaċt leis, suiḋfiḋ sé annsin i gcaṫaoir a ġlóire:


Annsin d’imṫiġ an diaḃal uaiḋ, agus féaċ, ṫáinig aingil agus do‐rinneadar frioṫáileaṁ air.


Agus ṫángadar ċum Íosa, agus do ċonnacadar an fear ’n‐a mbíoḋ na deaṁain, é ’n‐a ṡuiḋe, agus a éadaiġe air, agus é ’n‐a ṁeaḃair ṡaoġalta, an fear céadna ’n‐a raiḃ an léigiún: agus ṫáinig eagla orṫa.


Agus d’ḟiafruiġ sé ḋe, Cad is ainm duit? Agus aduḃairt seisean leis, Léigiún is ainm dom; óir is sluaġ sinn.


Agus d’ḟiafruiġ Íosa ḋe, Cad is ainm duit? Agus aduḃairt seisean, Léigiún; óir do ḃí mórán deaṁan tar éis dul isteaċ ann.


Ní ḟuil aon duine g‐á ṫógáil uaim, aċt is uaim féin atáim g‐á ṫaḃairt uaim. Atá ar ċumas dom a ṫaḃairt uaim, agus atá ar ċumas dom a ġlacaḋ ċugam arís. Mar sin do ċuir m’Aṫair de ḋualgas orm.


D’ḟreagair Íosa, Ní de’n tsaoġal so mo ríoġaċt: dá mba de’n tsaoġal so mo ríoġaċt do ṫroidfeaḋ mo ṁuinntear, ċum naċ dtiuḃarṫaí mé ar láiṁ do na h‐Iúdaċaiḃ: aċt anois ní h‐as so dom’ ríoġaċt‐sa.


agus suaiṁneas i n‐éinḟeaċt linne do ṫaḃairt daoiḃ‐se, nuair foillseoċar an Tiġearna Íosa ó neaṁ, mar aon le h‐aingliḃ a ċuṁaċta,


Is d’á leiṫéidiḃ sin do rinne Énoċ, duine de’n seaċtṁaḋ glún ó Áḋaṁ, tarngaireaċt, g‐á ráḋ, Féaċ, atá an Tiġearna tagṫa leis na míltiḃ móra d’á naoṁaiḃ,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan