Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 26:41 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Déanaiḋ faire agus biḋiḋ ag guiḋe, ċum naċ raċaiḋ siḃ i gcaṫú: bíonn an spioraid toilteanaċ, aċt bíonn an ċolann lag.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

41 Coiṁéadaigiḋ agus guiḋigiḋ naċ dtéiġiḋ sib isteaċ i gcaṫuġaḋ. Tá an spioraḋ, leoga, toilteannaċ, aċt tá an ċolann lag.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Deiniḋ faire agus úrnuiġṫe, ionus ná raġaḋ siḃ i gcaṫaíḃ. Tá an spioraid tugṫa, aċ tá an ḟeóil lag.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 Déanuiḋ faire agus urnuiġṫe, do ċum naċ ttuitfeaḋ siḃ a gcaṫuġaḋ: A tá an spiorad go deiṁin ullaṁ, aċd a tá an ċolann anḃfann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 26:41
34 Iomraidhean Croise  

Déanaiḋ‐se faire, d’á ḃriġ sin; óir ní fios daoiḃ cá h‐uair ṫiocfas ḃúr dTiġearna.


Déanaiḋ‐se faire, d’á ḃriġ sin, óir ní h‐eol daoiḃ an lá ná an uair.


Annsin aduḃairt sé leo, Atá brón mór ar m’anam go ponnc an ḃáis: fanaiḋ‐se annso, agus déanaiḋ faire mar aon liom.


agus ná leig sinn i gcaṫú, aċt saor sinn ó olc.


Déanaiḋ faire agus urnaiġe ċum naċ raċaiḋ siḃ i gcaṫú: bíonn an spioraid lán‐toilteanaċ, aċt bíonn an ċolann lag.


Agus maiṫ ḋúinn ár bpeacaiḋe; mar ṁaiṫimíd‐ne ḋóiḃ‐sean ar a ḃfuil fiaċa againn. Agus na seol i gcaṫú sinn.


Aċt biḋiḋ ag faire i gcóṁnaiḋe, agus ag guiḋe, go mbéiḋ sé de neart agaiḃ éalóḋ ó na neiṫiḃ sin uile atá le teaċt, agus seasaṁ i láṫair Ṁic an Duine.


Agus nuair ṫáinig sé ċum na h‐áite, aduḃairt sé leo, Déanaiḋ urnaiġe ċum naċ raċaiḋ siḃ i gcaṫuiġṫiḃ.


éiriġiḋ agus déanaiḋ urnaiġe ċum naċ raċaiḋ siḃ i gcaṫuiġṫiḃ.


Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ġlacas ċuca an briaṫar le h‐áṫas tar a éis dóiḃ éisteaċt leis; agus ní ḟuil fréaṁ aca‐san; creideann siad ar feaḋ tamaill, agus i n‐am caṫuiġṫe téiġeann siad ar gcúl.


Óir an niḋ naċ raiḃ ar ċumas do’n dliġe do ḋéanaṁ, de ḃriġ go raiḃ sé lag de ḃárr laige na colna, do‐rinne Dia é nuair do ċuir sé uaiḋ a Aon‐Ṁac féin i gcosaṁlaċt colna peacaṁla; is é sin, mar íoḋḃairt ar son an ṗeacaiḋ, do ḋaṁnuiġ sé an peacaḋ san ċolainn,


Ní ṫáinig aon ċaṫú oraiḃ naċ ḃfuil ar ċumas an duine a iomċar: aċt Dia atá díleas, ní ċeadóċaiḋ sé caṫú ṫar ḃur gcumas do ċur oraiḃ; aċt do‐ḃearfaiḋ sé sliġe éaluiġṫe i n‐éinḟeaċt leis an gcaṫú, ċum go ḃféadaiḋ siḃ a iomċar.


Biḋiḋ ag faire; seasaiḋ go daingean san gcreideaṁ; biḋiḋ go fearaṁail; biḋiḋ tréan‐láidir.


áċt buailim mo ċolann féin, agus cuirim fá smaċt í, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go ndiúltóċaiḋe ḋom féin, ṫar a éis dom ḃeiṫ ag seanmóiriú do ḋaoiniḃ eile.


Agus na daoine is le h‐Íosa Críost, atá an ċolainn le n‐a h‐antoil agus le n‐a miantaiḃ céasta aca.


ag síor‐ġuiḋe le gaċ saġas urnaiġṫe agus aṫċuinġe san Spiorad, ag faire ċuige sin le gaċ dúṫraċt agus eadarġuiḋe ar son na naoṁ uile,


Aċt atá deireaḋ gaċ éinniḋ i gcóṁgar: biḋiḋ céilliḋe d’á ḃriġ sin, go h‐aireaċ ’n‐ḃur n‐urnaiġṫiḃ.


Biḋiḋ stuamḋa, biḋiḋ ar ḃur n‐aire; bíonn ḃur n‐áiḋḃeirseoir, an diaḃal, ag siuḃal ṫart timċeall mar leoṁan búirfeaḋaċ ar ṫóir an té ḟéadas sé a ṡlugaḋ.


is eol do’n Tiġearna cionnas na fíréin do ṫaḃairt slán as caṫuiġṫiḃ, agus na neiṁ‐ḟíréin do ċongḃáil fá ṗionós fá ċóṁair lae an ḃreiṫeaṁnais;


(Féaċ, atáim ag teaċt ar nós gadaiḋe. Is aoiḃinn do’n té do‐ġní faire, agus ċoiṁeádas a ċuid éadaiġe, ar eagla go siuḃalfaḋ sé lomnoċt, agus go ḃfeicfiḋe a náire).


De ḃriġ gur ċoiṁeádais briaṫar m’ḟad‐ḟulaing, cuṁdóċad‐sa ṫú ar uair an ċaṫuiġṫe atá le teaċt ar an saoġal uile, ċum a maireann ar talaṁ d’ḟroṁaḋ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan