Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 26:37 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Agus rug sé leis Peadar agus beirt ṁac Ṡebedé, agus do ṫosnuiġ sé ar ḃeiṫ an‐ḃrónaċ, an‐ḃuaiḋearṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

37 Agus ṫug sé leis Peadar agus beirt ṁac Sebede, agus ṫoisiġ sé a éirġe buaiḋearṫa agus brónaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Agus ṫóg sé leis Peadar agus beirt ṁac Sebedé agus ṫusnuiġ sé ar ḃeiṫ go buarṫa agus go brónaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

37 Agus ar mbreiṫ Ṗeadair agus deisi mac Sebedeí leis, do ṫionnsgain sé ḃeiṫ go dobrónaċ agus go roṫuirseaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 26:37
8 Iomraidhean Croise  

Agus sé lá ’n‐a ḋiaiḋ sin, ṫug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin a ḋearḃráṫair‐sean, agus do rug sé suas iad ar ṡléiḃ árd fá leiṫ: agus do h‐aṫruiġeaḋ a ġné os a gcóṁair:


Annsin ṫáinig ċuige máṫair clainne Sebedé i n‐éinḟeaċt le n‐a clann ṁac, ag uṁlú ḋó, agus ag iarraiḋ faḃair air.


Agus ag siuḃal d’Íosa le h‐ais mara Ġalilé, do ċonnaic sé beirt dearḃrátar, Síomón ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a ḋearḃráṫair, do ḃí ag cur lín sa ḃfairrge: óir do b’iascairí iad.


Agus ag imṫeaċt as sin dó, do ċonnaic sé beirt eile dearḃráṫar, Séamas mac Ṡebedé, agus Eoin a ḋearḃráṫair, agus iad i mbád i ḃfoċair a n‐aṫar, Sebedé, ag cóiriú a líonta; agus do ġlaoḋ sé ċuige iad.


Agus níor leig sé d’aoinneaċ teaċt leis, aċt Peadar, agus Séamas, agus Eoin dearḃráṫair Ṡéamais.


Agus ar mbeiṫ ḋó i bpian‐ḃroid ċráiḋte, ba ḋéine do ġuiḋ sé: agus d’éiriġ a ċuid allais mar ḃéaḋ braoin fola ag tuitim ċum talṁan.


Anois atá buaiḋirt anma orm; agus créad adéarfad? A Aṫair, fuascail mé ó’n uair seo. Aċt ċuige seo is eaḋ ṫáinig mé ċum na h‐uaire seo.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan