Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 26:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus aduḃairt sé, Téiḋiḋ isteaċ sa gcaṫair ċum a leiṫéide seo de ḋuine, agus abraiḋ leis, Adeir an Máiġistir, Atá m’aimsir ag druidim liom; táim ag sollaṁnú na cásca id’ ṫiġ‐se i ḃfoċair mo ḋeisceabal.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Agus duḃairt Íosa: Téiġigiḋ isteaċ ċun na caṫraċ ċuig fear áiriṫe, agus abraigiḋ leis: Deir an Máiġistir: Tá m’am buailte liom; is i do ṫiġ-se a ġním an Ċáisc mar aon le mo ḋeisciobail.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus duḃairt Íosa: Téiġiḋ as ċaṫair ċun duine áiriṫe, agus abraiḋ leis: Deir an Máiġistir: Tá m’aimsir i ngoireaċt dom; déanfad féin agus mo ḋeisgiobuil an Ċáisg agat-sa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus a duḃairt seisean, Imḋiġ don ċaṫruiġ go duine áiriġe, agus abruiḋ ris, A deir an Maiġisdir, A tá maimsear ag drud riom; is ad ṫiġsi do ḋéana mé fein agus mo ḋeisciobuil an ċáisg.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 26:18
18 Iomraidhean Croise  

Agus má deir aoinneaċ éinniḋ liḃ, adéaraiḋ siḃ‐se, Tá siad ag teastáil ó’n Tiġearna; agus cuirfiḋ sé uaiḋ ar an láṫair iad.


Agus ná tugtar Máiġistrí oraiḃ: óir is aoinneaċ aṁáin is máiġistir agaiḃ: an Críost.


Aċt ná tugtar Rabbí oraiḃ‐se: óir ní ḟuil agaiḃ aċt aon Ṁáiġistir aṁáin, agus is bráiṫre siḃ uile.


Agus do‐rinne na deisceabail mar d’órduiġ Íosa ḋóiḃ; agus d’ullṁuiġeadar an ċáisc.


Atá a ḟios agaiḃ go mbéiḋ an ċáisc ann tar éis dá lá, agus go dtaḃarfar Mac an Duine suas d’á ċéasaḋ.


Agus ar an láṫair ṫáinig sé ċum Íosa, agus aduḃairt sé.


Ag laḃairt dó, ṫáinig daoine ó ṫiġ uaċtaráin na sionagóige, agus aduḃaradar, Atá t’inġean tar éis báis: cad ċuige ḋuit an Máiġistir do ḃuaiḋreaḋ feasta?


Nuair do ḃíos gaċ aon lá ’n‐ḃúr measc sa teampall, níor ṡíneaḃar láṁ im’ ċoinniḃ: aċt is liḃ‐se an uain seo, agus cuṁaċt an dorċadais.


Agus nuair aduḃairt sí sin, d’imṫiġ sí, agus do ġlaoḋ sí ós íseal ar Ṁáire, a deirḃṡiúr, g‐á ráḋ, Atá an Máiġistir annso, agus atá sé ag glaoḋaċ ort.


Agus d’ḟreagair Íosa iad, g‐á ráḋ, Atá an uair tagṫa ċum glóir do ṫaḃairt do Ṁac an Duine.


Agus roiṁ ḟéile na cásca, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ a ṫráṫ tagṫa ċum imṫeaċt as an saoġal so ċum a Aṫar, ó ṫug sé gráḋ d’á ṁuinntir féin do ḃí sa tsaoġal, ṫug se gráḋ ḋóiḃ go deireaḋ.


Do laḃair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a ṡúl ċum neiṁe, aduḃairt sé, A Aṫair, atá an uair tagṫa; taḃair glóir dod’ Ṁac, ċum go dtiuḃraḋ an Mac glóir ḋuit‐se:


Aduḃairt Íosa léi, A Ṁáire! D’iompuiġ sí, agus aduḃairt sí as Eaḃrais, A Rabbóní! (is é sin le ráḋ, A Ṁáiġistir.)


Annsin do ṡanntuiġeadar breiṫ air: aċt níor ċuir aon duine láṁ ann, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós.


Uime sin aduḃairt Íosa leo, Ní ṫáinig m’uair‐se fós; aċt atá ḃúr n‐uair‐se ann i gcóṁnaiḋe.


Téiġiḋ‐se suas ċum na féile: ní ḟuilim‐se ag dul ċum na féile seo fós; óir ní ṫáinig m’uair fós.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan