Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 26:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Annsin do ċuaiḋ duine de’n dáréag, dárḃ ainm Iúdás Iscariót, ċum uaċtarán na sagart, agus aduḃairt sé,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Annsin ċuaiḋ duine de’n dáréag, arḃ ainm dó Iúdas Iscariot, ċuig uaċtaráin na sagart,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Ansan d’imṫiġ duine de’n daréag, dár ḃ’ainim Iúdás Iscariot, ag triall ar uaċtaránaiḃ na sagart,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Ann sin do imṫiġ fear don dá ḟear ḋég, dar ab ainm Iúdas Iscairiótes, ċum úaċdarán na sagart.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 26:14
14 Iomraidhean Croise  

Síomón Cánaníteaċ, agus lúdás Iscariót, an té do ḃraiṫ é.


Agus d’ḟreagair Iúdás, an fear do ḃraiṫ é, agus aduḃairt, An mise é, a Rabbí? Aduḃairt seisean leis, Aduḃrais é.


Agus le linn dó ḃeiṫ ag laḃairt, féaċ, ṫáinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluaġ mór ’n‐a ċuideaċtain, agus claiḋṁte agus bataí aca, ṫáinig siad ó uaċtaránaiḃ na sagart agus ó ṡeanóiriḃ an ṗobail.


Annsin, ar n‐a ḟeicsin do Iúdás, an té do ḃraiṫ é, go raiḃ sé daorṫa, do ġaḃ aiṫreaċas é, agus ṫug sé na deiċ bpíosaí fiċead airgid ar ais d’uaċtaránaiḃ na sagart agus do na seanóiriḃ, g‐á ráḋ,


Aċt aduḃairt duine d’á ḋeisceablaiḃ, Iúdás Iscariót, an té do ḃí le n‐a ḃraiṫ,


Agus le linn an tsuipéir, agus an diaḃal tar éis a ċur i gcroiḋe Iúdáis Iscariót Ṡíomóin, é do ḃraṫ,


D’ḟreagair Íosa ḋó, An té d’á dtomfad an giota aráin seo agus go dtiuḃrad dó é, is é é. Agus nuair do ḃí an giota aráin tomṫa aige, do ṫóg sé é agus ṫug d’Iúdás Ṡíomóin Iscariót é.


Agus nuair do ġlac seisean an giota aráin d’imṫiġ sé amaċ ar an láṫair: agus ḃí an oiḋċe ann.


Agus do ḃí fios na h‐áite sin ag Iúdás, do ḃí g‐á ḃraṫ: óir ba ṁinic do ṫéiġeaḋ Íosa agus a ḋeisceabail ann.


agus aduḃairt, A ḃráiṫreaċa, ní foláir go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, do ṫairngir an Spiorad Naoṁ tré ḃéal Dáiḃi i dtaoḃ Iúdáis, an té do ṫreoruiġ iad‐san go ġaḃ Íosa.


(Is aṁlaiḋ fuair an fear sin talaṁ le tuarastal a ċuirpṫeaċta; agus do ṫuit sé i ndiaiḋ a ċinn, agus do scoilt sé ’n‐a lár, agus do scéiṫ a inní go léir amaċ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan