Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 26:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Go fírinneaċ adeirim liḃ, cibé áit ar fud an doṁain ar fad ’n‐a gcraoḃscaoilfear an soiscéal so, inneosfar, leis, an gníoṁ do‐rinne an ḃean so, mar ċuiṁne uirṫi.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Amén adeirim liḃ, cibé áit ar fud an doṁain go h-iomlán a ndéanfar an soiscéal seo a ṡeanmóir ann, an níḋ seo a rinne sí, mnseoċar mar an gcéadna é mar ċuiṁne uirṫí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Go deiṁin adeirim liḃ, pé áit ar fuid an doṁain go léir go gcraoḃsgaoílfar an Soisgéal so ann, ’neósfar, leis, mar ċuiṁne uirṫi seo, an gníoṁ so atá déanta aici.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 A deirim riḃ go fírinneaċ, Giḋ bé ar biṫ ball ar feaḋ an doṁuin, a ndéantar an sóisgéulsa do ṡeanmóir, go naiṫréosdar mar an gcéadna an nisi do rinne an ḃeansa, mar ċuiṁne uirrṫe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 26:13
19 Iomraidhean Croise  

Agus craoḃscaoilfear an soiscéal so na ríoġaċta ar fud an doṁain uile mar ḟiaḋnaise do na ciniḋeaċaiḃ go léir; agus annsin tiocfaiḋ an deireaḋ.


Imṫiġiḋ‐se, d’á ḃriġ sin, agus déanaiḋ deisceabail as na náisiúnaiḃ go léir, g‐á mbaisteaḋ i n‐ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ:


Agus caiṫfear an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ ar dtús ar fud na gcineaḋ uile.


Agus adeirim liḃ go fírinneaċ, Cibé áit ar fud an doṁain uile ’n‐a gcraoḃscaoilfear an soiscéal, inneosfar an gníoṁ atá déanta ag an mnaoi seo, mar ċuiṁne uirṫi.


Agus aduḃairt sé leo, Imṫiġiḋ ar fud an doṁain uile, agus déanaiḋ an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ do’n ċineaḋ daonna ar fad.


agus go ḃfógróċaiḋe ’n‐a ainm aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋ do na ciniḋeaċaiḃ uile, ag tosnú ó Iarúsalem.


Agus aduḃairt seisean, ag féaċaint go géar air, agus eagla air, Créad é sin, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt sé leis, Atá t’urnaiġṫe agus do ċuid déirce imṫiġṫe suas mar ċuiṁneaċán i láṫair Dé.


Aċt fiafruiġim‐se, Nár airiġeadar? D’airiġeadar cinnte, Do leaṫ a nglór ar fud an doṁain uile, Agus a mbriaṫra go foirċeann an doṁain.


tré ḃriġ an Spioraid Naoiṁ; ar ċuma gur ċraoḃscaoileas soiscéal Ċríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus ṫart ’n‐a ṫimċeall ċóṁ fada le h‐Illiricum;


Óir ní h‐é an té ṁolas é féin atá ionṁolta, aċt an té go molann an Tiġearna é.


aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.


ṫáinig ċugaiḃ‐se; fá mar tá sé ag taḃairt torṫa ar fud an doṁain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐ḃur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualaḃar agus ’n‐a ḃfuaraḃar eolas ar ġrása Dé i ḃfírinne;


ṫug é féin mar éiric ar son an uile ḋuine, gur tugaḋ a ḟiaḋnaise ’n‐a am féin.


óir ní ḟuil Dia éagcóraċ go ndéanfaḋ sé dearmad ar ḃur saoṫar agus ar an ngráḋ do ṫaisbeáin siḃ d’á ainm, mar rinne siḃ frioṫáileaṁ ar na naoṁaiḃ, agus mar ġníonn siḃ fós.


Agus do ċonnacas aingeal eile ar eiteall i lár na spéire, agus soiscéal síorraiḋe aige le n’ḟógairt do luċt áitreaḃa na talṁan, agus do gaċ cineaḋ, agus treiḃ, agus teangain, agus pobal;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan