Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 24:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus ’n‐a ṡuiḋe ḋó ar ċnoc na nOla‐ċrann, ṫáinig na deisceabail ċuige ar leiṫriḋ, g‐á ráḋ. Innis dúinn, cá ḟaide go dtiocfaiḋ na neiṫe sin ċum críċe? agus cad é cóṁarṫa do ṫeaċta, agus deiriḋ an tsaoġail?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus ina ṡuiḋe dó ar Ṡliaḃ na n-Ológ, ṫáinic a ḋeisciobail ċuige go rúnḋa, agus duḃairt: Innis dúinn cá h-uair a ḃéas na neiṫe seo ann? Agus cad é ḃéas mar ċóṁarṫa ar do ṫeaċt-sa agus ar ḋeireaḋ an tsaoġail?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus do ṡuid sé ar ċnoc Oliḃet, agus ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige a gan ḟios, agus duḃradar: Innis dúinn caṫain a ṫuitfid na neiṫe seo amaċ, agus cad a ḃeiḋ mar ċóṁarṫa ar do ṫeaċt-sa, agus ar ḋeire an tsaoġail.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus ar suiġe ḋó ar ṡlíaḃ na noluiḋeaḋ, do ċúadar a ḋeisciobuil ċuige go prioḃáideaċ, ag ráḋ, Innis dúinne, gá húair ṫiocfuid na neiṫesí ċum criċe, agus créd é coṁarṫa do ṫeaċdasa, agus ḋeiriḋ an tsáoġail?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 24:3
23 Iomraidhean Croise  

Annsin d’ḟág sé na sluaiġte, agus do ċuaiḋ sé isteaċ sa tiġ: agus ṫáinig a ḋeisceabail ċuige, g‐á ráḋ, Míniġ ḋúinn saṁlaoid an ċogail sa ngort.


Mar sin ḃéas i ndeireaḋ an tsaoġail: tiocfaiḋ na h‐aingil amaċ, agus deaġlóċaid na droċ‐ḋaoine as lár na ḃfíréan,


Annsin ṫáinig na deisceabail, agus aduḃradar leis, An eol duit gur ġlac na Fairisíniġ scannal, nuair do‐ċualadar na briaṫra sin?


Óir tiocfaiḋ Mac an Duine i nglóir a Aṫar mar aon le n‐a aingliḃ; agus annsin ċúiteoċaiḋ sé gaċ aoinneaċ de réir a ġníoṁarṫa.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Atá cuid díoḃ‐san atá n‐a seasaṁ annso, naċ mblaisfiḋ bás nó go ḃfeicid Mac an Duine ag teaċt ’n‐a ríoġaċt.


Annsin ṫáinig na deisceabail ċum Íosa ar leiṫliġ, agus aduḃradar, Cad ċuige nár ḟéadamair‐ne a ċaiṫeaṁ amaċ?


Agus nuair do ḃíodar ag druidim le h‐Iarúsalem, agus ṫángadar go Bétfagé, go cnoc na nOla‐ċrann, do ċuir Íosa uaiḋ beirt deisceabal, g‐á ráḋ leo,


Óir, ar nós na teinntriġe ṫig ó’n doṁan ṫoir, agus do‐ċítear ċóṁ fada leis an doṁan ṫiar; mar sin ḃéas teaċt Ṁic an Duine.


agus annsin do‐ċífear cóṁarṫa Ṁic an Duine sa spéir: agus annsin caoiḋfiḋ ciniḋeaċa an doṁain, agus do‐ċífid Mac an Duine ag teaċt ar scamallaiḃ neiṁe le cuṁaċt agus le sárġlóir.


Agus fá mar ḃí i laeṫiḃ Naoi, mar sin ḃéas teaċt Ṁic an Duine.


agus níor ṁeaḃruiġeadar éinniḋ nó go dtáinig an díle agus gur scuab sí iad go léir léi; mar sin ḃéas teaċt Ṁic an Duine.


Aċt bíoḋ a ḟios so agaiḃ, dá mbéaḋ a ḟios ag fear an tiġe cé’n uair ’n‐a dtiocfaḋ an gadaiḋe, do ḃéaḋ sé ag faire agus ní ċeadóċaḋ sé go mbrisfiḋe isteaċ ’n‐a ṫiġ.


g‐á ṫeagasc dóiḃ gaċ ar órduiġeas daoiḃ do ċóiṁlíonaḋ, agus féaċ, atáim‐se ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe, go deireaḋ an tsaoġail.


Agus d’ḟiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, cá ḟaide go dtiocfaiḋ na neiṫe sin? agus cad é an cóṁarṫa ḃéas ann go ḃfuil na neiṫe sin ag teaċt ċum críċe?


Aċt aduḃairt seisean leo, Ní cuiḃe ḋaoiḃ‐se fios d’ḟáġáil ar na h‐aimsiriḃ ná ar na tráṫaiḃ do ċoiṁéad an t‐Aṫair ’n‐a ċuṁaċt féin.


san gcás sin dob’ éigean dó fulang go minic ó cuireaḋ an doṁan ar suiḋeaċan: aċt anois, an t‐aon uair aṁáin, i ndeireaḋ na n‐aois do foillsiġeaḋ é ċum deireaḋ do ċur leis an bpeacaḋ, g‐á íoḋbairt féin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan