Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 23:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Aċt is ċum go ḃfeicfeaḋ na daoine iad ġníos siad gaċ éinniḋ: óir leaṫnuiġid a ḃfulaictéirí,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Agus ġní siad a n-oibreaċa uilig ċun go ḃfeiceaḋ na daoine iad: óir ġní siad a ḃfulactéirí leaṫan, agus ciuṁsa a n-éadaiġ mór.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Deinid siad gaċ obair leó, áṁṫaċ, ionus go ḃfeicfeaḋ na daoine iad; leaṫnuiġid siad a ḃfulactéirí agus méaduiġid siad faḃraí a mbrat.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Aċd ċeana is do ċum go ḃféaċfaidís dáoine órrṫa do níd síad a noibriġṫe uile: óir do níd síad a ḃṗiolactériġe leaṫna, agus do níd síad imeal a neaduiġeaḋ taiḋḃseaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 23:5
20 Iomraidhean Croise  

Agus féaċ, ṫáinig bean, ar a raiḃ sruṫ fola le ḋá ḃliaḋain déag, taoḃ ṫiar de, agus do ċuimil sí le faḃra a ḃrait: óir aduḃairt sí ’n‐a h‐intinn fein,


Agus aduḃairt sé leo, Is siḃ‐se an dream ṁaoiḋeas as ḃúr ḃfíréantaċt féin i ḃfiaḋnaise na ndaoine; aċt is eol do Ḋia ḃúr gcroiḋeaċa istiġ: óir an niḋ atá fá árd‐ṁeas i measc daoine, is gráin le Dia é.


iad‐san ṡloigeas tiġṫe na mbaintreaḃaċ, ar scáṫ urnaiġṫe fada; is iad ġeoḃas an daoir‐ḃreiṫ is truime.


óir ba ṁó aca an ġlóir ḋaonna ’ná glóir d’ḟáġáil ó Ḋia.


Cionnas do b’ḟéidir go gcreidfeaḋ siḃ‐se, ġlacas onóir ó n‐a ċéile, agus gan aon éileaṁ agaiḃ ar an nglóir ṫig ó’n aon Dia.


An té laḃras uaiḋ féin, is í a ġlóir féin loirgeas sé; aċt an té loirgeas glóir an té do ċuir uaiḋ é, ata seisean fírinneaċ, agus ní ḟuil mí‐ċneastaċt ann.


Is fíor go ḃfuil dream ann ṡeanmóruiġeas Críost tré ḟormad agus le mian conspóide; agus dream eile do‐ġní ó ḋeaġ‐ṫoil é;


gan éinniḋ do ḋéanaṁ tré ṁian conspóide nó baoṫġlóire, aċt le h‐uṁlaċt aigne measaḋ gaċ aoinneaċ gur fearr an duine eile ’ná é féin.


agus noċtaḋ fir an ṗeacaiḋ, an mac mallaċtan árduiġeas é féin os cionn gaċ a dtugtar Dia mar ainm air, nó go ndéantar aḋraḋ ḋó; ar ṁoḋ go suiḋeann sé i dteampall Dé, g‐á ċur i gcéill gur Dia é féin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan