Is mairg daoiḃ, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir gearrann siḃ deaċṁa ar ṁiontas, agus ar ainís, agus ar ċoimín, agus fágann siḃ na neiṫe is táḃaċtaiġe de’n dliġe gan déanam, cóir, agus trócaire, agus creideaṁ: aċt ba ċeart daoiḃ iad so do ċleaċtaḋ, gan failliġe do ḋéanaṁ ins na neiṫiḃ eile.
Agus aduḃairt sé, Is mairg daoiḃ‐se, leis, a luċt dliġe! óir cuireann siḃ ualaiġe ar na daoiniḃ ṫar a rioċt, agus ní ċuireann siḃ féin oiread agus bárr méire ar aon ualaċ díoḃ.
Óir an dream sin féin atá timċeall‐ġearrṫa, ní ċoiṁeádann siad an dliġe; aċt do b’áil leo siḃ‐se ḃeiṫ timċeall‐ġearrṫa, ċum go mbéaḋ aḋḃar maoiḋṁeaċais aca as ḃur ḃfeoil.
Aċt deirim‐se liḃ‐se, leis an gcuid eile de ṁuinntir Ṫuatíra naċ ḃfuil an teagasc so aca, agus naċ eol dóiḃ neiṫe doiṁne Ṡátain, mar ġlaoḋann siad orṫa; Ní ċuirim aon ualaċ eile oraiḃ.