Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 22:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Annsin aduḃairt sé le n‐a ṡeirḃíseaċaiḃ, Atá an ḃainis ullaṁ, aċt na daoine a fuair cuireaḋ níorḃ fiú iad é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Annsin deir sé le n-a ṡeirḃísiġ: Tá an ḃainḟeis réiḋ gan aṁras, aċt na daoine a fuair cuireaḋ, níorḃ airiḋe orṫa í:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Ansan duḃairt sé le n-a ṡeirḃíseaċaiḃ: Tá an ḃainḟeis ollaṁ; aċ an ṁuintir a fuair cuireaḋ, níor ḃfiú iad é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 A deir sé an tansin ré na ṡearḃḟoġantuíġiḃ, Go fírinneaċ a tá an ḃannis ullaṁ, giḋeaḋ an dream fúair an cuireaḋ niór ḃfiú iád é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 22:8
11 Iomraidhean Croise  

Aċt ṫáinig fearg ṁór ar an riġ; agus do ċuir sé a ṡluaiġte armṫa uaiḋ, agus do scrios sé na dúnṁarḃṫóirí sin, agus do loisc sé a gcaṫair.


Imṫiġiḋ‐se amaċ, d’á ḃriġ sin, ar ċeann na mbóṫar, agus cibé daoine ġeoḃas siḃ, glaoḋaiḋ orṫa ċum na bainse.


Agus aduḃairt Íosa leo, An féidir le luċt an ḟir nua‐ṗósta ḃeiṫ duairc, fad agus ḃíos an fear nua‐ṗósta ’n‐a ḃfoċair? aċt tiocfaiḋ na laeṫe ’n‐a dtógfar uaṫa an fear nua‐ṗósta, agus annsin do‐ġéanaiḋ siad troscaḋ.


aċt na daoine go meastar gur fiú iad an saoġal úd, agus an aiséirġe ó na marḃaiḃ d’ḟáġáil, ní ṗósaidsean agus ní tugtar le pósaḋ iad:


Aċt biḋiḋ ag faire i gcóṁnaiḋe, agus ag guiḋe, go mbéiḋ sé de neart agaiḃ éalóḋ ó na neiṫiḃ sin uile atá le teaċt, agus seasaṁ i láṫair Ṁic an Duine.


Agus do laḃair Pól agus Barnabas go dána, agus aduḃradar, Is liḃ‐se ba ḋual ḋúinn briaṫar Dé do laḃairt ar dtús. Aċt ó’s ag diúltaḋ ḋó atá siḃ, agus naċ fiú liḃ, de réir ḃúr mbreiṫe féin, an ḃeaṫa ṡíorraiḋe d’ḟáġáil, féaċ, atáimíd ag iompoḋ ċum na nGeinte.


Cóṁarṫa ceart‐ḃreiṫeaṁnais Dé is eaḋ é; ionnas go measfaiḋe gur fiú siḃ ríoġaċt Dé, go ḃfuil siḃ ag fulang ar a son:


Is beannuiġṫe na daoine niġeas a róbaí, ċum go mbéiḋ cead ċum crainn na beaṫaḋ aca, agus go raċaiḋ siad ṫar na geataiḃ isteaċ san gcaṫair.


Aċt atá beagán daoine i Sárdis nár ṡaluiġ a n‐éadaiġe: agus siuḃalfaid‐sean i n‐éinḟeaċt liom i n‐éadaiġiḃ geala; óir is fiú iad é.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan