Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 22:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Aċt nuair ṫáinig an rí isteaċ leis an gcuideaċta d’ḟeicsin, do ċonnaic sé fear ann naċ raiḃ culaiṫ bainse air:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Agus ċuaiḋ an rí isteaċ go ḃfeiceaḋ sé an ċuideaċta, agus ċonnaic sé fear annsin naċ raiḃ éadaċ bainḟeise air.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Ansan do ṫáinig an rí isteaċ go ḃfeicfeaḋ sé an ċuideaċta, agus ċonaic sé ann duine ná raiḃ culaiṫ na bainise uime.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus ar ndul a sdeaċ do ríġ dféaċain ar a luċ cuiriḋ, do ċonnairc sé duine an nag naċ raíḃ éadaċ bainnse uime:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 22:11
25 Iomraidhean Croise  

go sracfaḋ siḃ an ċruiṫneaċt as a ḟréaṁaċaiḃ leis. Leigiḋ ḋóiḃ araoin fás go dtí an fóġṁar: agus i n‐aimsir an ḟóġṁar adéarfad‐sa leis na buanaiḋṫiḃ, Bailiġiḋ ar dtús an cogal, agus ceanglaiḋ é ’n‐a ṗunnannaiḃ le dóġaḋ; aċt bailiġiḋ an ċruiṫneaċt isteaċ im’ scioból.


Agus do‐ċuaiḋ na seirḃísiġ sin amaċ ar na bóiṫriḃ, agus do ḃailiġeadar a ḃfuaradar, idir olc agus maiṫ: agus do líonaḋ árus na bainse de ḋaoiniḃ ’n‐a suíḋe ċum biḋ.


agus glanfaiḋ sé a urlár buailte, agus baileoċaiḋ sé a ċuid cruitneaċtan isteaċ sa scioból; agus loiscfiḋ sé an ċáiṫ le teiniḋ naċ féidir do ṁúċaḋ.


Aċt cuiriḋ umaiḃ an Tiġearna Íosa Críost, agus ná sanntuiġiḋ mianta na colna, ċum go ngéillfeaḋ siḃ dóiḃ.


is í sin fíréantaċt Dé tré ċreideaṁ i nÍosa Críost do na daoiniḃ ċreideas; óir níl aon idirḋealḃaḋ ann;


D’á ḃriġ sin ná taḃraiḋ breiṫeaṁnas i gcúis ar biṫ roiṁ an am, nó go dtagiḋ an Tiġearna ḃéarfas ċum an tsolais neiṫe atá foluiġṫe fá ḋorċadas, agus noċtfas rúin na gcroiḋṫe; annsin ġeoḃas gaċ duine a ṁolaḋ féin ó Ḋia.


mar ḋúil is go mbéiḋ clúdaċ orainn; ar ṁoḋ naċ ḃfaiġfear sinn lomnoċt.


Óir an méid díḃ do baisteaḋ i gCríost, do ċuir siḃ Críost mar ċlúdaċ oraiḃ féin.


agus cuiriḋ umaiḃ an nua‐ḋuine atá cruṫuiġṫe do réir Dé i ḃfíréantaċt agus i ḃfíor‐naoṁṫaċt.


(Féaċ, atáim ag teaċt ar nós gadaiḋe. Is aoiḃinn do’n té do‐ġní faire, agus ċoiṁeádas a ċuid éadaiġe, ar eagla go siuḃalfaḋ sé lomnoċt, agus go ḃfeicfiḋe a náire).


Agus tugaḋ de ċéad di í féin do ċlúdú le línéadaċ mín‐ġeal, glan‐úr: óir is é an línéadaċ mín gníoṁarṫa fíréanta na naoṁ.


Agus imreoċad bás ar a clainn; agus tuigfiḋ na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduiġeas na duḃáin agus na croiḋeaċa: agus do‐ḃéarfad do gaċ duine agaiḃ do réir ḃur ngníoṁarṫa.


cóṁairliġim duit ór do h‐aṫ‐ḃruiṫneaḋ i dteiniḋ do ċeannaċ uaim‐se, ċum go mbéiḋ tú saiḋḃir, agus éadaiġe geala ċum clúdaċ do ċur ort féin, ċum naċ ḃfeicfear náire do lomnoċtaċta; agus ungaḋ le cuimilt ar do ṡúiliḃ, ċum go ḃfeiciḋ tú.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan