Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 21:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus má deir aoinneaċ éinniḋ liḃ, adéaraiḋ siḃ‐se, Tá siad ag teastáil ó’n Tiġearna; agus cuirfiḋ sé uaiḋ ar an láṫair iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus má deir aoinneaċ rud ar biṫ liḃ, abraigiḋ go ḃfuil feiḋm ag an Tiġearna orṫa; agus leigfiḋ ṡé uaiḋ ar an ḃomaite iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus má deir aoinne aon rud liḃ abraiḋ: Tá gnó ag an dTiġearna díoḃ so; agus sgaoilfiḋ sé liḃ iad láiṫreaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus má laḃrán áon nduine ní ar biṫ riḃ, abruiḋsi, Go ḃfuil féiḋin ag an Dtiġearna orrṫa; agus léigfiḋ sé uáḋ ar an mball íad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 21:3
18 Iomraidhean Croise  

Téiġiḋ isteaċ sa mbaile beag úd ṫall os ḃúr gcóṁair, agus ar an láṫair do‐ġeoḃaiḋ siḃ láir asail ceangailte ann, agus searraċ i n‐éinḟeaċt léi: scaoiliḋ iad, agus taḃraiḋ liḃ ċugam iad.


Agus ṫáinig sin ċum críċe, ċum go gcóiṁlíonfaiḋe tarngaireaċt an ḟáiḋ, mar aduḃairt sé,


fá mar ṫugais dó cuṁaċt ar gaċ a ḃfuil beo, ionnas, gaċ a dtugais dó, go dtiuḃraḋ sé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ.


Gráḋuiġeann an t‐Aṫair an Mac, agus atá gaċ uile niḋ taḃarṫa aige ḋó ’n‐a láiṁ.


agus fós ní déantar seirḃís dó le láṁaiḃ daoine, mar ḃéaḋ gáḃaḋ aige le niḋ ar biṫ, óir is é féin do‐ḃeir anam, agus anál, agus gaċ uile niḋ do ċáċ;


Aċt buiḋeaċas le Dia, do ċuir an dúṫraċt céadna ’n‐ḃur dtaoḃ i gcroiḋe Ṫítuis.


Óir is eol daoiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost, giḋ go raiḃ sé saiḋḃir, gur éiriġ sé boċt ar ḃur son‐sa, ċum go n‐éireoċaḋ siḃ saiḋḃir de ḃarr a ḃoċtaine‐sean.


Is ó’n áirde ṫuas atá gaċ deaġ‐ṫaḃartas agus gaċ tíoḋlacaḋ iomlán, ag teaċt anuas ó Aṫair na soillse, naċ dtagann claoċloḋ ar biṫ air, ná aṫrú ó ṡolas go dorċadas.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan