Maitiú 21:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)21 Agus nuair do‐ċonnaic na deisceabail é, ṫáinig iongnaḋ mór orṫa, agus aduḃradar, Cionnas d’ḟeoġ an crann fige ċóṁ luaṫ sin? Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Má ḃíonn creideaṁ agaiḃ, gan aṁras ḃeiṫ oraiḃ, do‐ġéanaiḋ siḃ, ní h‐é aṁáin a ndearnaḋ do’n ċrann fige, aċt má deir siḃ leis an sliaḃ so, Tógtar agus teilgṫear isteaċ sa ḃfairrge ṫú, déanfar é. Faic an caibideilNa Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)21 Agus duḃairt Íosa leo, ġá ḃḟreagairt: Amén ádeirim liḃ, má ḃíonn creideaṁ agaiḃ, agus gan aṁras a ġlacaḋ, ḋéanfaiḋ siḃ ní aṁáin dálta an ċrainn ḟíge, aċt fosta má deir siḃ leis an tsliaḃ seo: Tóg ort agus caiṫ ṫú féin isteaċ san ḟairrge, ḋéanfar é. Faic an caibideilNa Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)21 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Go deiṁin adeirim liḃ, má ḃíonn creideaṁ agaiḃ, agus ná staonfaiḋ siḃ, déanfaiḋ siḃ, ní h-aṁáin an níḋ seo an ċrainn fíge, aċ má deireann siḃ leis an gcnoc so, Tóg agus caiṫ ṫu féin isteaċ sa ḃfaraige, déanfar é. Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)21 Agus ar ḃfreagra Diósa a duḃairt sé riu, A deirim riḃ go firinneaċ, Má ḃíonn creideaṁ agaiḃ, agus naċ ccuirfiṫí cunntaḃairt ann, ni hé a ṁáin a nísi ṫárla don ċrann fíge do ḋéanṫáoi, aċd mar an gcéadna má a dearṫáoi ris an tslíaḃso, Tógṫar ṫú, agus teilgṫear ann sa ḃfairge ṫú; bíaiḋ sin deanta. Faic an caibideil |