Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 2:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Nuair do ḃíodar imṫiġṫe, do taiḋḃriġeaḋ aingeal an Tiġearna i n‐aisling do Ṡeosaṁ, agus aduḃairt sé, Éiriġ, tóg leat an leanḃ agus a ṁáṫair agus éaluiġ do’n Éigipt, agus fan annsin go laḃrad leat; óir béiḋ Ioruaṫ ar lorg an leinḃ ċum a ṁillte.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Nuair a ḃí siad-san ar ṡiuḃal, féaċ, ṫaisbeán aingeal an Tiġearna é féin i n-aisling do Ióseṗ, agus duḃairt: Éiriġ agus cóg leat an leanḃ agus a ṁáṫair, agus teiċ ċun ba h-Éigipte; agus fan annsin go dtí go n-innsiḋ mise duit. Óir is aṁlaiḋ a ḃéas Ioruaḋ ar lorg an leinḃ ċun é ċur ċun báis.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Nuair a ḃíodar-san imṫiġṫe do ṫaisbeáin aingeal an Tiġearna é féin do Ióseṗ, ’n-a ċodla, agus duḃairt sé. Eiriġ, agus tóg leat an leanḃ agus a ṁáṫair agus imṫiġ go h-Éigipt, agus fan ann go n-innsead duit, mar beiḋ Héród ag lorg an leinḃ ċun a ṁairḃṫe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus ar nimṫeaċd air a nais doiḃ, feaċ, do toiḃreaḋ aingeal an Tiġearna a mbrionglóid do Ióseṗ, ag raḋ, Eiriġ agus gaḃ anáoiḋeanán agus a ṁaṫair ċugad, agus teiṫ do Néigipt, agus bi ann sin no go Iaḃruiḋ misi riot: óir íarrfuiḋ Iorúaiṫ an náoiḋe do ċum a ṁillte.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 2:13
29 Iomraidhean Croise  

Aċt ag maċtnaṁ ḋó air, do taiḋḃriġeaḋ ḋó i n‐aisling aingeal an Tiġearna, aduḃairt, a Ṡeosaiṁ, a ṁic Ḋaiḃí, ná bíoḋ eagla ort do ċéile, Muire, ṫaḃairt ċun aoin‐tiġis leat; óir, an ġein atá gaḃṫa aice, is ó’n Spiorad Naoṁ í.


Aċ nuair déanfar géir‐leanaṁain oraiḃ i n‐aon ċaṫair, teiċiḋ isteaċ sa gcéad ċaṫair eile: óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní ḃéiḋ deireaḋ ḃúr dturais i gcaṫraċaiḃ Israel déanta agaiḃ sara dtiocfaiḋ Mac an Duine.


Annsin tugaḋ foráileaṁ i n‐aisling dóiḃ gan filleaḋ ar Ioruaṫ, agus do ċuadar bóṫar eile ar ais ċum a dtíre féin.


Agus d’éiriġ seisean, agus do ṫóg sé leis an leanḃ agus a ṁáṫair san oiḋċe, agus d’imṫiġ sé do’n Éigipt.


Annsin, nuair do ċonnaic Ioruaṫ gur ṁeall na draoiṫe é, do bí sé le cúṫaċ, agus do ċuir sé amaċ scriosairí, agus do ṁarḃ sé a raiḃ de ċlannṁac ḋá ḃliaḋain nó fá n‐a ḃun i mBeiṫil agus san dúṫaiġ do ḃain léi, de réir an ama d’innis na draoiṫe ḋó.


Aċt, nuair do‐ċuala sé go raiḃ Arċelaus ’n‐a riġ ar Iúdaea i n‐ionad a aṫar Ioruaṫ, do ḃí eagla air dul annsin; aċt ṫug Dia raḃaḋ ḋó i n‐aisling, agus do ċuaiḋ sé go críoċaiḃ na Galilé,


Agus aduḃradar‐san, Córnélius ceanntúir, fear cráiḃṫeaċ go ḃfuil eagla Dé air, agus go ḃfuil árd‐ṁeas ag an gcineaḋ Iúdaċ uile air, fuair sé fógraḋ ó aingeal naoṁṫa fios do ċur ort‐sa teaċt ċum a ṫiġe féin, agus éisteaċt le briaṫraiḃ uait.


Agus nuair d’imṫiġ an t‐aingeal do ḃí ag cainnt leis, do ġlaoḋ sé ċuige beirt d’á ṡeirḃíseaċaiḃ, agus saiġdiúir cráiḃṫeaċ díoḃ‐san do ḃíoḋ i gcóṁnaiḋe ag freastal air;


Agus nuair ṫáinig Peadar ċuige féin, aduḃairt sé, Is léir ḋom go cinnte, gur ċuir an Tiġearna a aingeal uaiḋ, agus gur ṡaor sé ó láiṁ Ioruaiṫ mé, agus ó n‐a ḃfuil beartuiġṫe ag an bpobal Iúdaċ.


Agus féaċ aingeal an Tiġearna ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐a aice, agus do ḋeallruiġ solas san ċarcair: agus do ḃuail sé Peadar san gcliaṫán, gur ḋúisiġ sé é, g‐á ráḋ, Éiriġ id’ ṡeasaṁ de láṫair. Agus do ṫuit na slaḃraiḋe d’á láṁaiḃ.


Agus d’innis fear an ṗríosúin na focla do Ṗól, g‐á ráḋ, D’órduiġ na giúistísí siḃ do scaoileaḋ: uime sin tagaiḋ amaċ, agus imṫiġiḋ liḃ i síoṫċáin.


Aċt d’ḟoscail aingeal an Tiġearna dóirse an ṗríosúin san oiḋċe, agus ṫug sé amaċ iad, agus aduḃairt,


Do‐rinne seisean feall ar ár gcineaḋ, agus do‐rinne sé leaṫtrom ar ár n‐áiṫreaċaiḃ, g‐á ċur d’ḟiaċaiḃ orṫa a naoiḋeana do ċaiṫeaṁ amaċ ionnas naċ mairfidís.


Agus tugaḋ ḋá sciaṫán an iolair ṁóir do’n ṁnaoi, ċum go dteiċfeaḋ sí go dtí n‐a h‐áit féin san ḃfásaċ, mar a mbeaṫuiġtear í ar feaḋ tréiṁse, agus ḋá ṫréiṁse, agus leaṫ‐tréiṁse i ḃfad ó aġaiḋ an dragúin.


Agus do ṫarraing a earball an treas cuid de réaltanaiḃ na spéire ’n‐a ḋiaiḋ, agus do ṫeilg sé ċum na talṁan iad: agus do ṡeasuiġ an dragún os cóṁair na mná do ḃí ar tí an leanḃ do ḃreiṫ, ċum go sluigfeaḋ sé an leanḃ ċóṁ luaṫ agus béarfaí é.


Agus do ṫeiċ an ḃean isteaċ san ḃfásaċ, mar a ḃfuil áit fá n‐a cóṁair ullaṁ ag Dia ḋi, ċum go mbeaṫóċaiḋe í annsin ar feaḋ míle, ḋá ċéad agus trí fiċid lá.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan