Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 18:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus má ḃeir do láṁ nó do ċos aḋḃar scannail duit, gearr díot í, agus caiṫ uait í: is fearr duit dul isteaċ sa mbeaṫaiḋ ar leaṫ‐láiṁ nó ar leaṫ‐ċois, ’ná do ḋá láiṁ agus do ḋá ċois do ḃeiṫ agat agus ṫú ċaiṫeaṁ sa teiniḋ ṡíorraiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Agus má ḃeir do láṁ, nó do ċos, scainneal duit, geárr díot, agus caiṫ uait í. Is feárr duit dul isteaċ san ḃeaṫa cioṫramaċ nó bacaċ, ná ḋá láiṁ nó ḋá ċois a ḃeiṫ ort, agus ṫú do ṫeilgean isteaċ san teiniḋ ṡíorraiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Má ḋeineann do láṁ nó do ċos sgannal duit, gearr anuas díot í, agus caiṫ uait í; is fearra ḋuit dul isteaċ sa ḃeaṫa ar leaṫ-láiṁ nó ar leaṫ-ċois ’ná ḋá láiṁ nó ḋá ċois a ḃeiṫ agat agus tu ċur i dteine ṡíoruiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Aċd má ḃeir do láṁ no do ċos aḋḃar oilḃéime ḋuit, gearr ḋiót, agus teilg uaít íad: is fear ḋuit dul a sdeaċ do ḃeaṫaiḋ bacaċ díḃallaċ, ná ḋá láiṁ agus ḋá ċois do ḃeíṫ agad agus do ṫeilgean ann sa teiniḋ ṡiórruiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 18:8
22 Iomraidhean Croise  

Aċt, an eagla go dtiuḃraimís scannal dóiḃ, imṫiġ‐se ċum na fairrge, agus caiṫ duḃán, agus tóg an ċéad iasc ṫiocfas aníos; agus nuair ḟosclóċas tú a ḃéal, do‐ġeoḃair píosa airgid ann: glac é sin, agus taḃair ḋóiḃ‐sean é ar mo ṡon‐sa agus ar do ṡon féin.


Annsin adéarfaiḋ sé leo‐san ḃéas ar a láiṁ ċlé, Imṫiġiḋ uaim, a ḋaoine malluiġṫe, isteaċ sa teiniḋ ṡíorraiḋe do h‐ullṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingliḃ:


Agus imṫeoċaiḋ siad‐so isteaċ i bpeannaid ṡíorraiḋe: aċt imṫeoċaiḋ na fíréin isteaċ sa mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe.


Ar an gcuma ċéadna, gaċ duine agaiḃ‐se naċ ndiúltann do gaċ a ḃfuil aige, ní féidir ḋó ḃeiṫ ’n‐a ḋeisceabal agam‐sa.


Agus do liúiġ sé agus aduḃairt. A aṫair Abraċam, déan trócaire orm, agus cuir uait Lasár, go gcuiriḋ sé bárr a ṁéire i n‐uisce, ċum mo ṫeanga d’ḟuaraḋ: óir atáim fá ċráḋ sa lasair seo.


Atá an oiḋċe imṫiġṫe, naċ mór, atá an lá ċugainn: cuirimís dínn gníoṁarṫa an dorċadais, agus cuirimís umainn éide an tsolais.


ólfaiḋ sé d’ḟíon díḃeirge Dé, atá doirtṫe gan meascaḋ i gcupán a ḟeirge; agus ciapfar é le teiniḋ agus le ruiḃ i ḃfiaḋnaise na naoṁ‐aingeal, agus i ḃḟiaḋnaise an Uain:


Agus cibé duine naċ ḃfríṫ scríoḃṫa i leaḃar na beaṫaḋ, do teilgeaḋ é amaċ i loċ na teineaḋ.


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan