Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 18:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Is mairg do’n tsaoġal mar ġeall ar na scannalaiḃ! ní foláir do na scannalaiḃ teaċt; aċt ċeana is mairg do’n duine tré n‐a dtig an scannal!

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Is mairg do’n doṁan mar ġeall ar na scainnéil. Óir is éigean do na scainnéil a ṫeaċt; ciḋeaḋ is mairg do’n duine sin a dtig an scainneal tríd.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Is mairg do’n doṁan mar ġeall ar na sgannalaiḃ. Ní foláir na sgannail do ṫeaċt: aċ sa n-am gcéadna is mairg an t-é go dtagann an sgannal d’á ḋruím.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Is mairgneaċ don doṁan ar son oilḃeimeann! oir is éigin do na hoilḃéimeannaiḃ teaċd; aċd ċeana is anáoiḃin do duine tré a dtig an toilḃéim!

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 18:7
30 Iomraidhean Croise  

Aċt d’iompuiġ seisean, agus aduḃairt sé le Peadar, Druid siar uaim, a Ṡátain: atáir‐se id’ ċeap tuisle ḋom: óir ní ḟuil do ḋearcaḋ ar a mbaineann le Dia, aċt ar a mbaineann le daoiniḃ.


Atá Mac an Duine ag imṫeaċt, fá mar atá scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ: aċt monuar do’n ḟear sin tré n‐a mbraiṫtear Mac an Duine! do b’ḟearr‐de an fear sin dá mba naċ rugaḋ é ariaṁ.


Agus nuair do‐ċluinfiḋ siḃ tráċt ar ċogaiḋiḃ agus ráflaí ar ċogaḋ, ná bíoḋ buaiḋirt oraiḃ: caiṫfiḋ na neiṫe seo teaċt; aċt ní ḟuil an deireaḋ ann fós,


Agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Ní féidir naċ dtiocfaḋ scannail: aċt monuar do’n té sin tré n‐a dtigid!


An ḟaid do ḃíos‐sa ’n‐a ḃfoċair, do ċongḃuiġeas it’ ainm‐se iad‐san ṫugais dom, agus do ċosnas iad, agus ní ḋeaċaiḋ aoinneaċ aca amuġa, aċt mac an ṁillte, ċum go gcoiṁlíonfaiḋe an Scrioptúir.


agus aduḃairt, A ḃráiṫreaċa, ní foláir go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, do ṫairngir an Spiorad Naoṁ tré ḃéal Dáiḃi i dtaoḃ Iúdáis, an té do ṫreoruiġ iad‐san go ġaḃ Íosa.


Óir ní féadfaiḋe gan siosmaí ḃeiṫ ’n‐ḃur measc, ċum go noċtfaiḋe iad‐san ’n‐ḃur measc atá fírinneaċ.


Measaḋ siad‐san uile atá fá ċuing na scláḃaiḋeaċta gur fiú a máiġistrí féin gaċ urraim, ċum naċ ḃfaiġiḋ ainm Dé agus an teagasc scannal.


ḃeiṫ stuamḋa, geanmaiḋe, go díċeallaċ i ngnóṫaiḃ an tiġe, ḃeiṫ cáirdeaṁail, uṁal d’á ḃfearaiḃ féin, ċum naċ maslóċar briaṫar Dé.


ar ṁoḋ go gcuirfear náire ar an trasnálaiḋe, gan droċ‐ḟocal ḃeiṫ fágṫa aige le ráḋ ’n‐ár dtaoḃ.


Óir atá daoine áiriṫe do ṡleaṁnuiġ isteaċ ós íseal, daoine do réaṁ‐órduiġeaḋ fad ó ċum na daoir‐ḃreiṫe seo, daoine neiṁ‐ḋiaḋa atá ag tionntoḋ grása ár nDé go colnaiḋeaċt, agus atá ag séanaḋ Íosa Críost, ár n‐aon Ṁáiġistir agus ár n‐aon Tiġearna aṁáin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan