Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 18:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 agus aduḃairt sé, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Muna n‐iompuiġiḋ siḃ, agus ḃeiṫ ar nós na leanḃ, ní raċaiḋ siḃ isteaċ i ríoġaċt neiṁe ar ċor ar biṫ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus duḃairt: Amén adeirim liḃ, muna dtionntuiġiḋ siḃ agus ḃeiṫ ar nós na leanḃ, ní raċaiḋ siḃ isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus duḃairt sé: Go deiṁin adeirim liḃ, mura n-iompuiġiḋ siḃ agus ḃeiṫ ar nós na leanḃ, ní raġaiḋ siḃ isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus a duḃairt sé, Go fírinneaċ a deirim riḃ, Muna bḟilltí, agus muna mbeiṫí mar leanbána, naċ raċdaoi a sdeaċ do rioġaċ neaṁḋa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 18:3
28 Iomraidhean Croise  

Óir atá croiḋe an ṗobail seo dúr, Agus cluineann siad agus boḋaire ’n‐a gcluasaiḃ, Agus atá a súile dúnta aca; Ar eagla go ḃfeicfidís le n‐a súiliḃ, Agus go gcluinfidís le n‐a gcluasaiḃ, Agus go dtuigfidís le n‐a gcroiḋe Agus go n‐iompóċaidís, Agus go leiġeasfainn iad.


Agus do ġlaoḋ sé ċuige leanḃ beag, agus do ċuir sé ’n‐a lár é,


D’á ḃriġ sin, an té ísleoċas é féin ar nós an leinḃ ḃig seo, is é sin an duine is mó i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.


Aċt aduḃairt Íosa, Leigiḋ do na leanḃaiḃ beaga teaċt ċugam‐sa, agus ná cuiriḋ cosc leo: óir is le n‐a leiṫéidiḃ sin ríoġaċt na ḃflaiṫeas.


Agus aduḃairt Íosa le n‐a ḋeisceablaiḃ, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is ar éigean a raċas duine saiḋḃir isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.


Óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Nó go dtéiḋ neaṁ agus talaṁ ar neaṁ‐niḋ, ní raċaiḋ aon ġiota ná aon ṗonnc de’n dliġe ar neaṁ‐niḋ nó go gcóiṁlíontar gaċ éinniḋ.


Óir adeirim liḃ, muna sáruiġiḋ ḃur ḃfíréantaċtsa fíréantaċt na scríoḃaiḋe agus na ḃFairisíneaċ, naċ raċaiḋ siḃ isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas ar ċor ar biṫ.


Agus nuair ḃíos siḃ i n‐ḃúr dtroscaḋ, ná biḋiḋ gruamḋa ar nós luċta an ḟuar‐ċráḃaiḋ: óir dorċuiġid‐sean a gceann‐aiġṫe ċum go ḃfeicfiḋ na daoine go ḃfuilid ’n‐a dtroscaḋ. Adeirim liḃ go fírinneaċ go ḃfuil a luaċ‐saoṫair fáġálta aca.


Ar an aḋḃar sin, nuair ḃíos tú ag taḃairt déirce, ná séid aon aḋarc róṁat, mar do‐ġní luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ ins na sionagógaiḃ agus ar na sráidiḃ, d’ḟonn onóir d’ḟáġáil ó na daoiniḃ. Go fírinneaċ adeirim liḃ go ḃfuil a luaċ saoṫair fáġálta aca.


Agus nuair ḃíos siḃ ag déanaṁ urnaiġe, ná biḋiḋ mar luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ, gur maiṫ leo urnaiġe do ḋéanaṁ agus iad ’n‐a seasaṁ ins na sionagógaiḃ agus ag cúinniḃ na sráideann, ċum go ḃfeicfeaḋ na daoine iad. Go fírinneaċ adeirim liḃ, go ḃfuil a luaċ saoṫair fáġálta aca.


ionnas, ag féaċain dóiḃ, go ndearcfaidís agus naċ ḃfeicfidís; agus ag éisteaċt dóiḃ, go n‐éistfidís agus naċ dtuigfidís; ar eagla go n‐iompóċaidís, agus go maiṫfiḋe a bpeacaiḋe ḋóiḃ.


Agus aduḃairt sé leo, Déanaiḋ díċeall ar ḋul isteaċ an doras cuṁang: óir adeirim liḃ gur ab iomḋa duine ḃéas ag iarraiḋ dul isteaċ, agus ní éireoċaiḋ leo.


aċt do‐rinneas‐sa guiḋe ar do ṡon‐sa, ċum naċ gcaillfeaḋ ar do ċreideaṁ: agus nuair iompóċair neartuiġ do ḃráiṫre.


Agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Do ċífiḋ siḃ na flaiṫis ar ḟoscailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teaċt anuas ar Ṁac an Duine.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine aṫuair, ní ḟéadann sé ríoġaċt Dé d’ḟeicsin.


D’ḟreagair Íosa, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní ḟéadann sé dul isteaċ i ríoġaċt Dé.


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagaḋ ċum ḃeiṫ seasaṁaċ san gcreideaṁ, mar gur tré mórán d’ḟulang caiṫfear ríoġaċt Dé do ḃaint amaċ.


Óir d’éiriġ croiḋe an ṗobail seo cruaiḋ, Agus atá boḋaire ar a gcluasaiḃ Agus atá a súile dúnta; Ar eagla go ḃfeicfidís le n‐a súiliḃ, Agus go gcluinfidís le n‐a geluasaiḃ, Agus go dtuigfidís le n‐a gcroiḋe, Agus go n‐iompóċaidís, Agus go leiġeasfainn iad.


Déanaiḋ aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, agus iompuiġiḋ, ċum go nglanfar ḃúr bpeacaiḋe, agus ċum go dtiocfaiḋ tráṫa fionnḟuaire ó ḟiaḋnaise an Tiġearna;


A bráiṫre, ná biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ do réir tuigseana: aċt i dtaoḃ mailíse biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ, aċt i dtaoḃ tuigseana cinn, biḋiḋ ’n‐ḃur ndaoiniḃ fásta.


agus gaċ fuar‐ċráḃaḋ, agus éad, agus gaċ bíodán, agus, mar ḋéanfaḋ naoiḋeanáin nua‐ḃeirṫe, cuiriḋ dúil san mbainne spioradálta úr‐ġlan, gan cealg, ċum go ḃfásfaiḋ siḃ ċum slánuiġṫe d’á ḃárr;


óir is mar sin do‐ḃéarfar daoiḃ sliġe ḟairsing isteaċ i ríoġaċt ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan