Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 18:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Aċ muna n‐éistiḋ sé leat, beir leat duine nó beirt eile, ionnas go seasfaiḋ gaċ focal ar ḟiaḋnaise béil beirte nó trír.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Aċt muna n-éistiḋ sé leat, taḃair leat duine nó beirt eile, ionnas go seasuiġiḋ gaċ ḟocal i mbéal ḃeirt nó ṫriúr fiaḋnaiseaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Mura n-éistiḋ sé leat, taḃair leat duine nó beirt eile, i dtreó go seasóċaiḋ gaċ focal i mbéal beirte nó trír fínniṫe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus muna éisde sé riot, beir leaċd fós duine no días eile, do ċum go mbíoḋ gaċ éinní seasṁaċ a mbéul deisi no triur dfíaḋnuisiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 18:16
10 Iomraidhean Croise  

Agus fós, atá scríoḃṫa ’n‐ḃúr ndliġe‐se, gur fírinneaċ fiaḋnaise beirte.


Is í seo an treas uair dom ag teaċt ċugaiḃ. Ar ḟiaḋnaise beirte nó triúir bunóċar gaċ focal.


Ná glac le gearán i n‐aġaiḋ seanóra aċt ar ḟiaḋnaise beirte nó trír.


An té do ḃris dliġe Ṁaoise, curtar ċum báis é gan trócaire ar ḟiaḋnaise beirte nó trír;


Agus do‐ḃéarfad de ċead dom’ ḃeirt ḟiaḋnaiḋe tarngaireaċt do ḋéanaṁ ar feaḋ míle, ḋá ċéad agus trí fiċid lá, agus éadaċ róin mar ċlúdaċ orṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan