Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 18:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Taḃraiḋ aire gan díṁeas do ċaiṫeaṁ ar aoinneaċ de’n ṁuinntir ḃig seo; óir adeirim liḃ, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neaṁ, ag sír‐ḟéaċaint ar ġnúis m’Aṫar atá ar neaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

10 Taḃairigiḋ aire gan neaṁ-ṡuim a ḋéanaṁ d’aoinneaċ de na rudaí beaga seo: óir deirim liḃ go mbíonn a n-aingle sin ar neaṁ ag aṁarc de ṡíor ar ġnúis m’Aṫar atá ar neaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Tugaiḋ aire gan neaṁṡuím a ḋéanaṁ d’aoinne de’n ṁuintir ḃeag san, mar deirim liḃ go ḃfuil raḋarc do ṡíor agá n-aingealaiḃ sin ins na flaṫais, ar ġnúis m’Aṫar-sa, atá ins na flaṫais.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Taḃruiḋ dá ḃur naire naċ dtaḃarṫáoi tarcuisne air éinneaċ don ṁuinntir ḃigsi; oír a deirim riḃ, Go ḃfaicid a naingilsion aír neaṁ do ġnáṫ aġaiḋ Ṁaṫarsa a tá ar neaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 18:10
45 Iomraidhean Croise  

Aċt ag maċtnaṁ ḋó air, do taiḋḃriġeaḋ ḋó i n‐aisling aingeal an Tiġearna, aduḃairt, a Ṡeosaiṁ, a ṁic Ḋaiḃí, ná bíoḋ eagla ort do ċéile, Muire, ṫaḃairt ċun aoin‐tiġis leat; óir, an ġein atá gaḃṫa aice, is ó’n Spiorad Naoṁ í.


Ní ḃrisfiḋ sé an ġiolcaċ ḃrúiġte, Agus ní ṁúċfaiḋ sé an líon atá ag cur deataiġ. Nó go dtugaiḋ sé breiṫeaṁnas ċum buaḋa.


Ar an gcuma ċéadna ní toil le n‐ḃúr nAṫair atá ar neaṁ go gcaillfiḋe aoinneaċ de’n ṁuinntir ḃig seo.


glacann sé mise: aċt cibé duine ṫiuḃras scannal d’aoinneaċ de na rudaiḃ beaga so ċreideas ionnam‐sa, do b’ḟearr dó go gcroċfaiḋe cloċ ṁór muilinn ar a ṁuineál, agus go mbáḋfaiḋe é i ndoimneaċt na fairrge.


Nuair do ḃíodar imṫiġṫe, do taiḋḃriġeaḋ aingeal an Tiġearna i n‐aisling do Ṡeosaṁ, agus aduḃairt sé, Éiriġ, tóg leat an leanḃ agus a ṁáṫair agus éaluiġ do’n Éigipt, agus fan annsin go laḃrad leat; óir béiḋ Ioruaṫ ar lorg an leinḃ ċum a ṁillte.


Agus nuair do cailleaḋ Ioruaṫ, féaċ, do taiḋḃriġeaḋ aingeal an Tiġearna i n‐aisling do Ṡeosaṁ san Éigipt,


Agus cuirfiḋ se a aingil amaċ le glaoḋ mór stuic, agus baileoċaiḋ siad a ḟiréin ó na ceiṫre gaoṫaiḃ, ó imeall go h‐imeall neiṁe.


Agus d’ḟreagair an t‐aingeal agus aduḃairt sé leis, Is mise Gaibrial ḃíos im’ ṡeasaṁ i láṫair Dé; agus do cuireaḋ mé ċum laḃarṫa leat‐sa, agus ċum na deaġ‐scéala so d’innsin duit.


An té éisteas liḃse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daoiḃ, is daṁ‐sa ḋiúltuiġeas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daṁ‐sa, diúltuiġeann sé do’n té do ċuir uaiḋ mé.


Agus ṫarla go ḃfuair an boċtán bás, agus go rug na h‐aingle leo é go h‐uċt Abraċaim: agus fuair an duine saiḋḃir bás, leis, agus do h‐aḋlacaḋ é.


Do taiḋḃriġeaḋ ḋó go soiléir, tuairim na naoṁaḋ h‐uaire de’n lá, aingeal Dé ag teaċt ċuige isteaċ, g‐á ráḋ leis, A Ċornéliuis.


Agus aduḃradar‐san léi, Ar míċéill atáir. Aċt do lean sise g‐á ráḋ gurḃ ḟíor é. Agus aduḃradar‐san, Is é a aingeal atá ann.


Agus ar an láṫair do ḃuail aingeal an Tiġearna é, de ḃriġ naċ dtug sé an ġlóir do Ḋia: agus d’iṫ piasta é, go ḃfuair sé bás.


Óir do ṡeas aingeal Dé, gur leis mé, agus d’á ndéanaim seirḃís,


Aċt d’ḟoscail aingeal an Tiġearna dóirse an ṗríosúin san oiḋċe, agus ṫug sé amaċ iad, agus aduḃairt,


Aċt cad ċuige ḋuit‐se loċt d’ḟáġáil ar do ḃráṫair? nó cad ċuige ḋuit dí‐ṁeas do ċur ar do ḃráṫair? mar seasfaimíd uile os coṁair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Dé.


Is é is ceart gan feoil d’iṫe, ná rud ar biṫ do ḋéanaṁ do ḃéaḋ ’n‐a ṫrúig tuisliḋ dod’ ḃráṫair.


Is dual dúinne atá láidir dul i dtaca le h‐anḃfainne na ndaoine atá lag, gan ḃeiṫ ag lorg ár n‐aoiḃneasa féin.


An aṁlaiḋ naċ ḃfuil tiġṫe agaiḃ ċum ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól ionnta? nó an aṁlaiḋ atá droċ‐ṁeas agaiḃ ar eaglais Dé, go náiriġeann siḃ iad‐san atá gan éinniḋ? Créad adéarfas mé liḃ? an aṁlaiḋ ṁolfas mé siḃ? ní ṁolaim san gcás so siḃ.


mar táim‐se ḋá déanaṁ: ná déanaḋ aoinneaċ beag‐is‐fiú ḋe. Aċt cuiriḋ ar aġaiḋ ar a aistear é i síoṫċáin, ċum go dtiocfaiḋ sé ċugam; óir atáim ag súil leis i n‐éinḟeaċt leis na bráiṫriḃ.


Do na daoiniḃ atá lag do ḃíos mar ḋuine lag, ċum go mbuaiḋfinn an luċt lag: do ḃíos san uile ċruṫ do’n uile ḋuine, ċum go saorfainn cuid aca ar ċuma ar biṫ.


Anois, aṫċuinġim‐se, Pól, ḃíos úiríseal ’n‐ḃur measc, agus mé ’n‐ḃur láṫair, aċt ḃíos an‐dána ’n‐ḃur dtaoḃ agus mé as láṫair, as uċt caoiṁe agus mánlaċta Ċríost, impiḋim oraiḃ,


Óir, is é adeirid, Bíonn a litreaċa tréan, borb, aċt ní mór le ráḋ a ṗearsa agus é i láṫair, agus bíonn a ċainnt gan éifeaċt.


A ḃráiṫre, má beirtear ar ḋuine i míġníoṁ ar biṫ, siḃ‐se atá spioradálta, cuiriḋ i gceart é le spiorad ceannsaċta; ag féaċaint ċugat féin ar eagla go gcurtar caṫú ort.


D’á ḃriġ sin, cibé ḋiúltuiġeas é seo, ní h‐é an duine ḋiúltuiġeas se, áċt Dia do‐ḃeir a Spiorad Naoṁ ḋaoiḃ.


Ná leig d’aon duine beag‐is‐fiú do ḋéanaṁ det’ óige; aċt bí id’ eisiompláir do luċt an ċreidiṁ, i mbriaṫraiḃ béil, i mbéasaiḃ, i ngráḋ, i gcreideaṁ, i ḃfíor‐ġlaine.


Naċ spioraidí freastail iad go léir, atá curṫa amaċ ċum frioṫálṁa orṫa‐san go ḃfuil an slánuġaḋ i ndán dóiḃ mar oiḋreaċt?


Óir ní isteaċ i n‐áit naoṁṫa do rinneaḋ le láṁaiḃ do ċuaiḋ Críost, áit naċ ḃfuil aċt ’n‐a ṡompla de’n naoṁ‐áit ḟírinniġ; aċt isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ féin, ċum go ḃfaiġfiḋe é anois i láṫair Dé ar ár son‐sa:


Agus do ċonnacas na seaċt n‐aingle ḃíos ’n‐a seasaṁ i ḃfiaḋnaise Dé; agus tugaḋ seaċt stuic dóiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan