Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 16:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus d’ḟreagair Síomón Peadar, agus aduḃairt, Is tú an Críost, Mac Dé ḃí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 D’ḟreagair Síomon Peadar, agus duḃairt: Is tú an Críost, Mac an Dé Ḃí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus d’ḟreagair Símón Peadar agus duḃairt: Is tú Críost Mac Dé Ḃí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus ar ḃfreagra do Ṡímón Peadar a duḃairt sé, Is tusa Criósd, Mac Dé ḃí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 16:16
38 Iomraidhean Croise  

agus do ġein Mattán Iácób; agus do ġein Iácób Seosaṁ, fear Ṁuire, ó n‐ar geineaḋ Íosa d’á ngoirṫear Críost.


Agus na daoine do ḃí sa mbád, d’aḋradar é, g‐á ráḋ, Go fírinneaċ is tusa Mac Dé.


Aduḃairt sé leo, Aċt cia h‐é adeir siḃ‐se gur mé?


Aċt d’ḟan Íosa ’n‐a ṫost. Agus aduḃairt an t‐árd‐ṡagairt leis, Iarraim ort, i n‐ainm Dé ḃí, a innsin dúinn an tú an Críost, mac Dé.


Agus an ceanntúir, agus na daoine do ḃí ’n‐a ḟoċair ag faire ar Íosa, nuair do ċonnacadar an crioṫ talṁan agus gaċ a dtarla, ṫáinig eagla ṁór orṫa,


Agus ṫáinig an t‐aiḋḃeirseoir, agus aduḃairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduiġ arán do ḋéanaṁ de na cloċaiḃ seo.


Aċt d’ḟan seisean ’n‐a ṫost, agus ní ṫug sé freagra ar biṫ. Agus d’ḟiafruiġ an t‐árd‐ṡagart de arís, agus aduḃairt sé leis, An tusa Críost, Mac Dé Ḃeannuiġṫe?


óir atá Slánuiġṫeoir beirṫe ḋaoiḃ indiu, is é sin Críost an Rí, i gcaṫair Ḋáiḃi.


D’ḟreagair Natanaél agus aduḃairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel.


Aduḃairt sise leis, Creidim, A Ṫiġearna: creidim gur tusa an Críost, Mac Dé, do ḃí le teaċt ar an saoġal.


aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean.


Fá mar ċuir an t‐Aṫair sír‐ḃeo mise uaiḋ, agus gur tríd an Aṫair ṁairimse: mar an gcéadna an té iṫeas mise, is tríom‐sa ṁaireas sé.


D’ḟreagair Síomón Peadar é, A Ṫiġearna, cia ċum a raċaimís? is agat‐sa atá briaṫra na beaṫaḋ síorraiḋe.


Agus creidimíd‐ne, agus atá a ḟios againn gur tusa Aon Naoṁṫa Dé.


ag liúġaḋ agus g‐á ráḋ, A ḋaoine, créad do b’áil liḃ a leiṫéid sin do ḋéanaṁ? Daoine go ḃfuil an nádúir ċéadna againn agus atá agaiḃ féin, is eaḋ sinne, agus atáimíd ag taḃairt deaġ‐scéala ḋaoiḃ, go gcaiṫfiḋ siḃ iompóḋ ó na neiṫiḃ baoṫa sin ċum Dé ḃí, do ċruṫuiġ neaṁ, agus talaṁ, agus muir, agus a ḃfuil ionnta:


Agus san tsliġe ḋóiḃ, ṫángadar mar a raiḃ uisce; agus aduḃairt an coillteánaċ, Féaċ, an t‐uisce; Créad atá ag cur coisc lem’ ḃaisteaḋ?


Agus ar ball, ins na sionagógaiḃ, do ċraoḃscaoil sé Íosa, gur ab é Mac Dé é.


do dearḃuiġeaḋ ḃeiṫ ’n‐a Ṁac do Ḋia le cuṁaċt do réir spioraid na naoṁṫaċta, tré aiséirġe ó na marḃaiḃ; Íosa Críost ár dTiġearna,


Óir Íosa Críost, Mac Dé, do ṡeanmóireamar daoiḃ, is é sin mise agus Silḃánus agus Timótéus, níor ’seaḋ agus ní h‐eaḋ é, aċt ní ḟuil ann aċt ’seaḋ i gcóṁnaiḋe.


mar is léir gur siḃ litir Ċríost do cuireaḋ fá n‐ár gcúram, litir do scríoḃaḋ, ní h‐é le duḃaċ, aċt le Spiorad Dé ḃí; ní h‐é ar ṫáiḃléadaiḃ cloiċe, aċt ar ṫáiḃléadaiḃ feola.


Agus cia an cóiṁċeangal atá idir teampall Dé agus íoḋla? óir is sinne teampall Dé ḃí; mar aduḃairt Dia, Déanfad cóṁnaiḋe ’n‐a measc, agus siuḃalfad ’n‐a measc; béiḋead‐sa im’ Ḋia aca, agus béiḋid‐sean ’n‐a bpobal agam‐sa.


Óir do‐ḃeir siad féin tuairisc ’n‐ár dtaoḃ, cionnas mar ċuaḋamar isteaċ ċugaiḃ; agus cionnas mar ṫionntuiġeaḃar ó íoḋalaiḃ ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia beo, fíor,


aċt má ġním moill, ċum go dtuigiḋ tú cionnas ba ċeart duit ṫú féin d’iomċar i dteaġlaċ Dé, is é sin eaglaif Dé ḃí, colaṁan agus crann cosanta na fírinne.


Óir ċuige sin is eaḋ atáimíd ag saoṫrú agus ag spairn, toisc ár muiniġin ḃeiṫ againn as an Dia beo, slánuiġṫeoir na ndaoine uile, an méid aca ċreideas, go mór‐ṁór.


agus arís, Ḃéarfaiḋ an Tiġearna breiṫ ar a ṗobal. Is mór is cúis eagla tuitim idir láṁaiḃ an Dé ḃeo.


aċt is aṁlaiḋ atá siḃ tagṫa go Sliaḃ Síoin, go caṫair an Dé ḃí, go h‐Iarúsalem neaṁḋa, agus go dtí na mílte as cuimse de ṡluaiġtiḃ na n‐aingeal,


Taḃraiḋ aire, a ḃráiṫre, ar eagla go mbéaḋ droċ‐ċroiḋe dí‐ċreidṁeaċ am ar biṫ i n‐aon duine agaiḃ, go dtréigfeaḋ siḃ an Dia beo:


naċ mó go mór ḋéanfas fuil Ċríost, an té d’íoḋbair é féin gan smál do Ḋia, tríd an Spiorad síorraiḋe, ḃur gcoinsias do ġlanaḋ ó ġníoṁarṫaiḃ marḃa ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia síorraiḋe?


Cibé duine adṁóċas gur ab é Íosa Mac Dé, cóṁnuiġeann Dia ann, agus cóṁnuiġeann seisean i nDia.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


Agus cia h‐é ḃuaḋas ar an saoġal aċt an té ċreideas gur ab é Iosa Mac Dé?


Agus do ċonnacas aingeal eile ag teaċt anoir, agus séala an Dé ḃí aige: agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd ar na ceiṫre h‐aingliḃ go raiḃ tugṫa de ċead dóiḃ doċar do ḋéanaṁ do’n talaṁ agus do’n ḟairrge,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan