Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 14:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Óir do rug Ioruaṫ ar Eoin, agus do ċeangail sé é, agus do ċuir sé i bpríosún é mar ġeall ar Héródias, bean Ṗilib a ḋearḃráṫair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Óir ġaḃ Ioruaḋ Eoin, agus ċeangail é, agus ċuir isteaċ i ḃpríosún é, mar ġeall ar Herodias, bean a ḋearḃráṫar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Óir ḃí Héród tar éis Eóin do ġaḃáil agus do ċeangal agus do ċur i mbraiġdineas mar ġeall ar Heródias, bean a ḋriṫár.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Oír do ġlac Iorúaiṫ Eóin, agus do ċeangáil sé é, agus do ṫéilg sé a bpríosún é ar son Heródias, mna Ṗilib a ḋearbráṫar féin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 14:3
18 Iomraidhean Croise  

Agus nuair do‐ċuala Eoin, agus é sa bpríosún, i dtaoḃ a ndearna an Críost, do ċuir sé uaiḋ beirt d’á ḋeisceablaiḃ,


Aċt nuair ṫáinig lá beirṫe Ioruaiṫ, do‐rinne inġean Neródias daṁsa, ’n‐a láṫair, agus do ṫaiṫin sí le h‐Ioruaṫ.


Agus nuair do‐ċuala Íosa gur cuireaḋ Eoin i bpríosún, do ċuaiḋ sé do’n Ġalilé;


Agus do‐ċuala Ioruaṫ an rí ’n‐a ṫaoḃ sin; óir do ḃí a ainm d’á luaḋ: agus aduḃairt sé, Atá Eoin Baiste éiriġṫe ó na marḃaiḃ, agus, d’á ḃriġ sin, atá na cuṁaċta so ag oibriú ann.


Óir do ċuir Ioruaṫ daoine uaiḋ agus do ġaḃ sé Eoin, agus do ċuir sé fá ċeangal i bpríosún é mar ġeall ar Héródias, bean Ṗilib, a ḋearḃráṫair; de ḃriġ gur ṗós sé í.


Agus do ḃí olc ag Héródias ċuige, agus do ḃí fonn uirṫi a ṁarḃaḋ; agus níor ḟéad sí a ḋéanaṁ;


agus nuair ṫáinig inġean Héródias féin isteaċ, agus do rinne daṁsa, do ċuir sí ríméad ar Ioruaṫ agus orṫa‐san do ḃí ’n‐a suiḋe ag iṫe ’n‐a ḟoċair; agus aduḃairt an rí leis an gcailín, Iarr orm‐sa rud ar biṫ is maiṫ leat, agus do‐ḃéarfad duit é.


Agus ṫug sé foláireaṁ ḋóiḃ, ’g‐á ráḋ, Féaċaiḋ, seaċnaiḋ laiḃín na ḃFairisíneaċ, agus laiḃín Ioruaiṫ.


Agus do ḃí daoine láiṫreaċ an t‐am céadna sin d’innis dó i dtaoḃ na nGaliléaċ, gur ṁeasc Píoláid a gcuid fola le n‐a n‐íoḋbartaiḃ.


An lá céadna sin ṫáinig cuid de na Fairisíneaċaiḃ, g‐á ráḋ leis, Imṫiġ agus fág an áit seo; óir atá Ioruaṫ ar tí do ṁarḃṫa.


Agus do‐rinne Ioruaṫ agus a ċuid saiġdiúir fonoṁaid faoi, agus ṫugadar tarcuisne ḋó, agus do ċuireadar éadaċ geal air, agus do ċuireadar ar ais ċum Píoláid é.


Agus nuair do ṫuig sé gur le líomatáiste Ioruaiṫ do ḃain sé, do ċuir sé ċum Ioruaiṫ é, mar ḃí sé féin i nIarúsalem le n‐a linn sin.


Agus sa gcúigeaḋ bliaḋain déag de réimeas Ṫiberius Céasar, an tráṫ ’n‐a raiḃ Point Píoláid ’n‐a ċeannṗort ar lúdaea, agus Ioruaṫ ’n‐a ṫetrarċa ar an nGaililé, agus Pilib a ḋearḃráṫair ’n‐a ṫetrarċa ar Itúraea agus ar Ṫraċónítis, agus Lusanias ’n‐a ṫetrarċa ar Abiléne,


agus Ióhanna bean Ċúsa, feaḋmannaċ loruaiṫ, agus Súsanna, agus mórán eile díoḃ‐san do ḃí ag frioṫáileaṁ air as a ngustal féin.


Fá’n am céadna sin do ċuir Ioruaṫ rí a láṁa amaċ ċum foirneart d’imirt ar ċuid de ṁuinntir na h‐eaglaise.


óir is dearḃ gur ċruinniġ le ċéile san gcaṫair seo, Ioruaṫ agus Point Píoláid, maille leis na Geintiḃ agus le treaḃaiḃ Israel, i n‐aġaiḋ do Ṡeirḃísiġ naoṁṫa Íosa,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan