Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 14:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus nuair do‐ċuala Íosa é, d’imṫiġ sé i mbád ó’n áit sin, isteaċ i n‐áit ḟásaṁail uaigniġ: agus nuair do‐ċuala na sluaiġte sin, do leanadar d’á gcois é ó na caṫraċaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Agus nuair a ċuala Íosa é, d’imṫiġ sé as sin i mbád go h-áit uaigniġ ar leiṫ; agus nuair a ċuala na sluaiġte sin, lean siad é de ṡuiḃal cos amaċ as na caṫraċa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus nuair airiġ Íosa é, d’imṫiġ sé ó’n áit sin, i luing ḃig, isteaċ i ḃfásaċ uaigneaċ; agus nuair a ḋ’airiġ na daoine san, do leanadar é ’n-a gcuis as na caṫaraċaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus an tan do ċúlaiḋ Iósa so, do ċúaiḋ sé as sin a luing a nionad ḟásaṁail air leiṫ: agus an tan do ċúalaiḋ an pubal sin, do leanadar dá gcois é ó na caiṫreaċaiḃ

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 14:13
10 Iomraidhean Croise  

Aċ nuair déanfar géir‐leanaṁain oraiḃ i n‐aon ċaṫair, teiċiḋ isteaċ sa gcéad ċaṫair eile: óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní ḃéiḋ deireaḋ ḃúr dturais i gcaṫraċaiḃ Israel déanta agaiḃ sara dtiocfaiḋ Mac an Duine.


Agus ar n‐a ḟeicsin sin d’Íosa, d’imṫiġ sé as an áit sin: agus do lean a lán daoine é;


Agus ṫáinig a ḋeisceabail, agus rugadar leo an corp, agus d’aḋlacadar é; agus d’imṫiġeadar agus d’inniseadar d’Íosa é.


Agus ar maidin, roiṁ ḟáinniú an lae go moċ, d’éiriġ sé agus do ċuaiḋ sé amaċ, agus d’imṫiġ sé go h‐áit ḟásaṁail, agus do rinne sé urnaiġe ann.


Agus le gealaḋ an lae, ṫáinig sé amaċ agus ċuaiḋ sé amaċ go h‐áit ḟásaṁail: agus do ḃi na sluaiġṫe g‐á lorg, agus ṫángadar ċum na h‐áite ’n‐a raiḃ sé, agus do ḃíodar ag iarraiḋ a ċongḃáil, ċum naċ n‐imṫeoċaḋ sé uaṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan