Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 13:54 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

54 Agus ag teaċt isteaċ ’n‐a ḋúṫaiġ féin dó, ṫug sé teagasc dóiḃ ’n‐a sionagóig, i dtreo go raiḃ iongnaḋ orṫa, agus go nduḃradar, Cá ḃfuair an fear so an eagna, agus na cuṁaċta móra so.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

54 Agus ag teaċt ċun a ṫíre féin dó, ṫug sé teagasc dóiḃ ina sineagóga, ionnas gur ġaḃ iongantas iad, agus gur ḋuḃairt siad: Cá h-áit a ḃfuair an fear seo an eagna, agus na cuṁaċtaí seo?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

54 Agus ṫáinig sé isteaċ ’n-a dúṫaiġ féin, agus ḃí sé ag múineaḋ na ndaoine ins na sinagógaiḃ, i dtreó go mbíoḋ iongnaḋ orṫa, agus go ndeiridís: Cá ḃfuair sé seo an eagna so, agus na cóṁaċta?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

54 Agus an tan ṫáinic sé dá ḋuṫuiḋ féin, do ṫeagaisg sé íad ann a sionagóig, ionnas gur ġaḃ iongnaḋ mór íad, agus go nduḃradar, Cáit a bḟúair anfearso a neagnaso, agus ná suḃáilce?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 13:54
14 Iomraidhean Croise  

agus do ċóṁnuiġ sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: ċum go gcóiṁlíonfaiḋe na briaṫra aduḃairt na fáiḋe: goirfear Nasarḋa ḋe.


Agus do ġluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas an uile ġalair agus breoiteaċta i measc na ndaoine.


Agus ṫarla, nuair do ḃí na briaṫra sin críoċnuiġṫe ag Íosa, go ndearna an sluaġ iongnaḋ d’á ṫeagasc:


agus ba ṁór an t‐iongnaḋ do ḃí orṫa‐san do ḃí ag éisteaċt leis, a ṁeaḃair agus na freagraí ṫug sé.


Is ċum a ċoda féin a ṫáinig sé, agus níor ġlac a ṁuinntear féin leis.


Agus do laḃair Pól agus Barnabas go dána, agus aduḃradar, Is liḃ‐se ba ḋual ḋúinn briaṫar Dé do laḃairt ar dtús. Aċt ó’s ag diúltaḋ ḋó atá siḃ, agus naċ fiú liḃ, de réir ḃúr mbreiṫe féin, an ḃeaṫa ṡíorraiḋe d’ḟáġáil, féaċ, atáimíd ag iompoḋ ċum na nGeinte.


Agus nuair ċonnacadar Peadar agus Eoin, agus iad ċóṁ dána sin, agus ṫuigeadar gur daoine gan foġlaim, gan léiġean iad, do ḃí iongnaḋ orṫa; agus d’aiṫniġeadar iad, go mbídís i ḃfoċair Íosa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan