Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 13:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le ciste i ḃfolaċ i ngort; go ḃfuair duine, agus gur ċuir sé fá ċeilt é; agus tré ṁéid a áṫais imṫiġeann sé, agus díolann sé a ḃfuil aige, agus ceannuiġeann sé an gort sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

44 Is cosaṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le h-óirċiste i ḃḟolaċ i ngort; agus nuair a ġeiḃ duine é, congḃuiġeann sé ceilte é; agus le tréan áṫais ina ṫaoiḃ, téid sé agus díolann sé a ḃfuil aige, agus ceannuiġeann sé an gort sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas le stór a ḃeaḋ i ḃfolaċ i bpáirc; agus an t-é a ġeiḃeann é coimeádann sé rún air, agus tré ṁéid a áṫais imṫiġeann sé agus díolann sé amaċ a ċuid go léir, agus ceannuiġeann sé an ṗáirc sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

44 Mar an gcéudna, is cosṁail rioġaċd neiṁe lé cisde ar na ḟolaċ a ḃfearann; noċ tar éis a ḟaġála, do ḟoluiġ duine, agus tríd an ngáirdeaċus do ḃí air ar a ṡon imṫiġiḋ sé agus reacaiḋ sé a ḃfuil aige uile, agus ceannuiḋe sé an fearannsin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 13:44
29 Iomraidhean Croise  

Agus do ċuir sé saṁlaoid eile rómpa, g‐á ráḋ, Is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le duine do ċuir síol maiṫ ’n‐a ġort:


agus nuair fuair sé péarla an‐luaċṁar aṁáin, d’imṫiġ sé, agus do ḋíol sé a raiḃ aige, agus do ċeannuiġ sé é.


Arís, is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le líon do cuireaḋ isteaċ sa ḃfairrge, agus do ṫóg gaċ uile ṡórt éisc:


Aduḃairt Íosa leis, Má’s maiṫ leat ḃeiṫ gan loċt, imṫiġ, díol a ḃfuil agat, agus taḃair a luaċ do na boċtaiḃ, agus béiḋ maoin ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.


D’ḟreagair Peadar annsin, agus aduḃairt sé, Féaċ, do ṫréigeamair‐ne gaċ uile niḋ, agus do leanamar ṫusa; créad ḃéas againn d’á ḃárr?


Agus gaċ duine do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫre, nó deirḃṡeaṫraċa, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, ġeoḃaiḋ sé a gcéad oiread, agus béiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt aige.


óir, cibé áit ’n‐a ḃfuil do stór, is ann ḃéas do ċroiḋe mar an gcéadna.


Ar an gcuma ċéadna, gaċ duine agaiḃ‐se naċ ndiúltann do gaċ a ḃfuil aige, ní féidir ḋó ḃeiṫ ’n‐a ḋeisceabal agam‐sa.


Aduḃairt Íosa leo, Is mise arán na beaṫaḋ: an té ṫig ċugam‐sa, ní ḃéiḋ ocras go bráṫ air, agus an té ċreideas ionnam‐sa, ní ḃéiḋ tart go bráṫ air.


Óir gaċ ar scríoḃaḋ roiṁe seo do scríoḃaḋ iad ċum teagasc do ṫaḃairt dúinn, ionnas go mbéaḋ dóċas againn tré ḟoiġid agus tré ṡólás na scrioptúir.


’n‐a ḃfuil gaċ ionnṁas eagna agus eolais i ḃfolaċ.


Déanaḋ briaṫar Críost cóṁnaiḋe go fairsing san uile eagna ionnaiḃ; ag múineaḋ agus ag spreagaḋ a ċéile le salmaiḃ, agus le h‐iomnaiḃ, agus le dántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt do Ḋia le grása ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ.


Óir ṫug siḃ truaġ do na daoiniḃ do ḃí i ngeiṁleaċaiḃ, agus do ġlac siḃ go fonnṁar le creaċaḋ ḃur maoine, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaiḃ féin, maoin ṡíorḃuan.


cóṁairliġim duit ór do h‐aṫ‐ḃruiṫneaḋ i dteiniḋ do ċeannaċ uaim‐se, ċum go mbéiḋ tú saiḋḃir, agus éadaiġe geala ċum clúdaċ do ċur ort féin, ċum naċ ḃfeicfear náire do lomnoċtaċta; agus ungaḋ le cuimilt ar do ṡúiliḃ, ċum go ḃfeiciḋ tú.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan