Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 13:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus d’ḟreagair sé, agus aduḃairt, Tugaḋ ḋaoiḃ‐se eolas ar rúin‐diaṁair ríoġaċta na ḃflaiṫeas, aċt ní tugaḋ ḋóiḃ‐siúd é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Duḃairt seisean leo, ġá ḃfreagairt: De ḃríġ gur díḃ-se a tugaḋ eolas a ḃéiṫ agaiḃ ar rúindiaṁra ríoġaċt na ḃflaiṫeas, aċt ní tugaḋ sin dóḃṫa-san.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt: Mar do tugaḋ daoiḃ-se eólus do ċur ar rú nDiaṁraiḃ ríġeaċta na ḃflaṫas; do’n ċuid eile, áṁṫaċ, níor tugaḋ san.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, Do ḃríġ gur ab daóiḃsi tugaḋ fios rúindíoṁra na ríoġaċda neaṁḋa, do ḃeiṫ agaiḃ, agus níor tugaḋ ḋóiḃsean é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 13:11
40 Iomraidhean Croise  

Agus ṫáinig na deisceabail, agus aduḃradar leis, Cad ċuige a laḃrann tú leo i saṁlaoidiḃ?


Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé leis, Is aoiḃinn duit, a Ṡíomóin ṁic Ióna: óir ní fuil agus feoil d’ḟoillsiġ duit é, aċt m’Aṫair‐se atá ar neaṁ.


Aċt aduḃairt seisean leo, Ní h‐é gaċ aon duine gur féidir leis na briaṫra so do ġlacaḋ, aċ iad‐san aṁáin dár tugaḋ é.


Aduḃairt seisean leo, Ólfaiḋ siḃ go deiṁin an cupán ólfad‐sa: aċt suiḋe ar mo láiṁ ḋeis, agus ar mo láiṁ ċlé, ní liom‐sa a ṫaḃairt sin uaim, aċt atá sé i ndán dóiḃ‐sean d’á ḃfuil sé ceapṫa ag m’Aṫair.


aċt suiḋe ar mo láiṁ ḋeis nó ar mo láiṁ ċlé, ní liom‐sa a ṫaḃairt sin uaim; aċt atá sé i ndán dóiḃ‐sean d’á ḃfuil sé ceapṫa.


Agus aduḃairt sé leo, Tugaḋ eolas daoiḃ‐se ar rúin‐diaṁraiḃ ríoġaċta Dé: aċt dóiḃ‐sean atá amuiġ, déantar gaċ niḋ i saṁlaoidiḃ:


Agus aduḃairt sé, Tugaḋ daoiḃ‐se rúin‐diaṁra ríoġaċta Dé d’aiṫint: aċt do ḋaoiniḃ eile i saṁlaoidiḃ; ionnas, ag féaċain dóiḃ naċ ḃfeicfidís, agus ag éisteaċt dóiḃ naċ dtuigfidís.


Agus aduḃairt sé, Is ar an aḋḃar sin aduḃairt mé liḃ naċ féidir le h‐aoinneaċ teaċt ċugam muna ḃfuil taḃarṫa ag m’Aṫair ḋó teaċt.


Cibé duine gur mian leis a ṫoil‐sean do ḋéanaṁ, tuigfiḋ sé i dtaoḃ an teagaisc, an ó Ḋia laḃraim, nó uaim féin.


Agus do ḃí bean darḃ ainm Lidia, bean díolta corcra ó ċaṫair Ṫiatíra, do ḃíoḋ ag aḋraḋ an Aon‐Dé, do ḃí sí ag éisteaċt linn: d’ḟoscail an Tiġearna a croiḋe ċum aire do ṫaḃairt d’á raiḃ ag Pól d’á ráḋ.


Óir níorḃ áil liom, a ḃráiṫre, gan fios na rúindiaṁaire seo ḃeiṫ agaiḃ, ar eagla go n‐éireoċaḋ siḃ glic ’n‐ḃur saoḃ‐ṫuairim féin, is é sin go ḃfuil cruaḋaḋ tagṫa ar ċuid de ṁuinntir Israel, nó go dtagaiḋ an t‐iomlán de na Cineaḋaċaiḃ isteaċ;


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ,


Agus dá mbéaḋ buaiḋ na fáiḋeadóireaċta agam, agus dá dtuiginn gaċ rúindiaṁair agus gaċ eolas, agus dá mbéaḋ gaċ creideaṁ agam ar ṁoḋ go ḃféadfainn sléiḃte d’aistriú, agus mé ḃeiṫ gan gráḋ, atáim gan éifeaċt.


Féaċ, innisim diaṁar‐rún daoiḃ: Ní ċodlóċaimíd uile, aċt curfar malairt croṫa orainn;


Ní ġlacann an duine neaṁ‐spioradálta le neiṫiḃ Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó diṫ‐céille: agus ní féidir leis eolas d’ḟáġáil orṫa, de ḃriġ go mbreaṫnuiġtear iad go spiorádálta.


aċt laḃraimíd eagna Dé ’n‐a diaṁar‐rún do ḃí fá ċeilt, d’órduiġ Dia ċum ár nglóire roiṁ ṫosaċ an tsaoġail;


Bíoḋ an meas ag daoiniḃ orainn ḃíos aca ar ṁaoraiḃ rúindiaṁaír Dé.


Óir cia rinne duine ar leiṫ ḋíot‐sa? agus créad atá agat naċ ḃfuarais? agus má fuarais féin é, cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ag maoiḋeaṁ, aṁail agus naċ ḃfuarais é?


ċum go soillseoċar súilí ḃur gcroiḋe, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ cad é an dóċas ċum a ngoireann sé sinn, saiḋḃreas glóire a oiḋreaċta ins na naoṁaiḃ,


tar a éis dó rúindiaṁair a ṫola do noċtaḋ ḋúinn, fá mar ḃí ceapṫa ann féin aige, do réir a ḋéiġṁéine féin,


Rúindiaṁair ṁór is eaḋ í seo, aċt is iad Críost agus an eaglais atáim do ṁaoiḋeaṁ.


agus ar mo ṡon‐sa, ċum go dtiuḃarfar cumas cainnte ḋom, ag foscailt mo ḃéil go dána ḋom, ċum rúindiaṁair an tsoiscéil d’ḟoillsiú,


ċum go neartóċar a gcroiḋeaċa, ċum go ndlúṫóċar iad le ċéile i ngráḋ, agus go mbéiḋ gaċ saiḋḃreas aca maidir le lán‐dearḃṫaċt tuigseana, ċum go ḃfaiġiḋ siad eolas ar rúindiaṁair Dé, is é sin Críost,


Agus gan déidearḃaḋ ar biṫ, is doiṁin í rúindiaṁair na diaḋaċta; an Té do foillsiġeaḋ san ḃfeoil, do fíréanuiġeaḋ san Spiorad, go ḃfaca aingle é, do craoḃscaoileaḋ i measc na gCineaḋaċ, gur creideaḋ ann san tsaoġal, gur tógaḋ suas é san nglóir.


ag coiṁeád rúindiaṁaire an ċreidiṁ i gcoinsias glan.


Má ḃíonn aon duine agaiḃ i n‐uireasbaiḋ eagna, iarraḋ sé ar Ḋia í; is é do‐ḃeir go fial do ċáċ, gan aiṫḃear; agus do‐ḃéarfar dó í.


Maidir liḃ‐se, atá ungaḋ ó’n Té Naoṁṫa agaiḃ, agus atá eolas iomlán agaiḃ.


Aċt maidir liḃ féin, an t‐ungaḋ fuaraḃar uaiḋ‐sean, cóṁnuiġeann sé ionnaiḃ, agus ní gáḃaḋ go múinfeaḋ aoinneaċ siḃ; aċt fá mar ṁúineann a ungaḋ siḃ i dtaoḃ an uile niḋ, agus gur fírinne é, agus naċ bréag é; agus fá mar ṁúin sé siḃ, cóṁnuiġiḋ ann.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan