Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 11:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 atá raḋarc ag dallaiḃ, agus siuḃlann bacaiġ, glantar na loḃair, agus atá éisteaċt ag boḋránaiḃ, aiṫḃeoḋtar na mairḃ, agus atá an soiscéal d’á innsint do na boċtaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Tá raḋarc ag na daill, tá siuḃal ag na bacaiġ, glantar na loḃair, tá éisteaċt ag na boḋair, éiriġeann na mairḃ, agus tá an soiscéal dá teagasc do na boċta;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Tá raḋarc ag daill; tá siúḃal ag bacaiġ; glantar na loḃair; tá éisteaċt ag daoine a ḃí boḋar; Eiriġid na mairḃ; Tá an Soisgéal d’á ṫeagasg dos na boċtaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Do ġeiḃid na doill a raḋarc, agus sioḃluid na bacaiġ, glantar na loḃair, agus do ċluinid na boḋair, dúisgṫear na máirḃ, agus a tá an soisgéul da ṡeanmóir do na boċdaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 11:5
41 Iomraidhean Croise  

Leiġeasaiḋ na h‐easláin, dúisiġiḋ na mairḃ, glanaiḋ na loḃair, caiṫiḋ amaċ na deaṁain: i n‐aisce do fuaraḃar, taḃraiḋ uaiḃ i n‐aisce.


Agus aduḃairt Íosa leo g‐á ḃfreagairt, Imṫiġiḋ, agus innsiḋ d’Eoin na neiṫe do‐ċluin, agus do‐ċí siḃ:


Annsin adeir sé leis an duine, sín amaċ do láṁ. Agus do ṡín; agus d’éiriġ sí ċóṁ slán leis an láiṁ eile.


Agus ṫáinig na daill agus na bacaiġ ċuige sa teampall: agus do leiġeas sé iad.


Is aoiḃinn d’á ḃfuil boċt ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoġaċt na ḃflaiṫeas.


Agus do fosclaḋ a súile. Agus ṫug Íosa foláireaṁ ḋoiḃ, g‐á ráḋ, Taḃraiḋ aire gan a ḟios sin do ḃeiṫ ag aoinneaċ.


Agus do ḃí iongnaḋ an‐ṁór orṫa, agus aduḃradar, Do‐rinne sé gaċ uile niḋ go maiṫ: do‐ḃeir sé éisteaċt do ḃoḋránaiḃ, agus cainnt do ḃalḃánaiḃ.


Agus nuair do ċonnaic Íosa go raiḃ sluaġ mór daoine ag riṫ ċuige, do smaċtuiġ sé an spioraid neaṁ‐ġlan, ’g‐a ráḋ leis, A spioraid ḃalḃ, ḃoḋar, órduiġim‐se ḋuit, tar amaċ as, agus ná téiġir isteaċ ann arís.


Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,


D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, D’inniseas daoiḃ é, agus ní ċreideann siḃ: na h‐oibreaċa do‐ġním i n‐ainm m’Aṫar, do‐ġní siad sin fiaḋnaise ḋom.


Aċt má ġním iad, muna gcreideann siḃ mise, creidiḋ na h‐oibreaċa: ionnas go mbéiḋ a ḟios agaiḃ agus go dtuigfiḋ siḃ go ḃfuil an t‐Aṫair ionnam‐sa, agus go ḃfuilim‐se san Aṫair.


Agus i nIarúsalem dó le linn féile na cásca, do ċreid móran ’n‐a ainm, ó do ċonnacadar na míorḃailtí do‐rinne sé.


ṫáinig seisean ċum Íosa san oiḋċe, agus aduḃairt sé leis, A Rabbí, atá a ḟios againn gur múinteoir ṫáinig ó Ḋia ṫú: óir ní féidir go ndéanfaḋ aon duine na míorḃailtí ġníos tusa, gan Dia ḃeiṫ leis.


Aċt atá fiaḋnaise agam‐sa is mó ’ná fiaḋnaise Eoin: óir na gnóṫa ṫug m’Aṫair ḋom le cur ċum ċríċe, na gnóṫa féin do‐ġníṁ, do‐ḃeir siad ḟiaḋnaise im’ ṫaoḃ, gur ab é an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé.


agus aduḃairt sé leis, Imṫiġ, niġ i loċán Ṡílóam (ċialluiġeas, Curṫa). D’imṫiġ sé, mar sin, agus do niġ, agus d’ḟill sé agus a raḋarc aige.


A ṗobail Israel, éistiḋ leis na briaṫraiḃ seo: Íosa Nasarḋa, duine do ṁol Dia ḋaoiḃ leis na cuṁaċtaiḃ, agus leis na míorḃailtiḃ, agus leis na cóṁarṫaiḃ, do‐rinne Dia tríd ’n‐ḃúr measc, mar is eol daoiḃ féin;


Éistiḋ, a ḃráiṫre ionṁaine, nár ṫóg Dia boċta an tsaoġail ċum ḃeiṫ saiḋḃir fá ċreideaṁ agus ċum ḃeiṫ ’n‐a oiḋriḃ de’n ríoġaċt atá geallta aige do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan