Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 11:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 g‐á ḟiafraiġe ḋe, An tusa an té atá le teaċt, nó an gcaiṫfimíd feiṫeaṁ le duine éigin eile?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 An tusa an té atá le ṫeaċt, nó an mbéimíd ag súil le duine eile?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 An tusa an t-é atá le teaċt, nó an ḃfuil orainn feiṫeaṁ le duine eile?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 A duḃair sé ris, An tusa an té ús do ḃí réd aṫarraċ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 11:3
38 Iomraidhean Croise  

Is é seo an té go ḃfuil scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ, Féaċ, atáim ag cur mo ṫeaċtaire ar m’aġaiḋ róṁam, Agus ullṁóċaiḋ seisean do ḃealaċ róṁat.


Agus aduḃairt Íosa leo g‐á ḃfreagairt, Imṫiġiḋ, agus innsiḋ d’Eoin na neiṫe do‐ċluin, agus do‐ċí siḃ:


Innisiḋ d’inġin Ṡíoin, Féaċ, atá do Rí ag teaċt ċugat, Go ceannsa, ar muin asail, Agus ar ḃromaċ, searraċ asail.


Agus na sluaiġte do ḃí ar tosaċ roiṁe, agus siad‐san do lean ’n‐a ḋiaiḋ, do tógadar gáir, g‐á ráḋ, Hósanná do ṁac Ḋáiḃi; Is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna; Hósanná ins na h‐áiteannaiḃ is aoirde!


Agus na daoine do ḃí ar tosaċ rómpa, agus na daoine do ḃí ag leanaṁain ’n‐a ndiaiḋ, do ġlaoḋadar, Hósanná; Is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna!


g‐á ráḋ, Is beannuiġṫe an Rí atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna: síoṫċáin ar neaṁ, agus glóir ins na flaiṫeasaiḃ is aoirde.


Aduḃairt sise leis, Creidim, A Ṫiġearna: creidim gur tusa an Críost, Mac Dé, do ḃí le teaċt ar an saoġal.


do ṫógadar géaga de na pailmiḃ, agus do ġluaiseadar amaċ ’n‐a airċis, agus do ġlaoḋadar amaċ, Hósanna: is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna, Rí Israel.


Do‐ḃéarfaiḋ sé glóir ḋaṁ‐sa: óir glacfaiḋ sé dem’ ċuid‐se, agus noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ é.


Aduḃairt Íosa léi, Creid uaim‐se é, a ḃean, go ḃfuil an t‐am ag teaċt naċ ar an sliaḃ seo ná i nIarúsalem, aḋarfas siḃ an t‐Aṫair.


Agus nuair do ċonnaic na daoine an ṁíorḃail do‐rinne sé, aduḃradar, Go fírinneaċ is é seo an fáiḋ atá le teaċt ar an saoġál.


Aċt do ḃí a lán de’n tsluaġ do ċreid ann; agus aduḃradar, Nuair ṫiocfas an Críost, an ndéanfaiḋ sé níos mó míorḃailtí ’ná do‐rinne an duine seo?


Óir tar éis tamaill ḃig, Tiocfaiḋ an té atá le teaċt, agus ní ḋéanfaiḋ sé moill.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan