Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 10:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus is iad so ainmneaċa an dáréag abstal: An ċéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a ḋearḃráṫair; Séamas mac Ṡebedé, agus Eoin a ḋearḃráṫair;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus is iad seo ammneaċa an dá Abstal déag: Síomon, dá ngoirtear Peadar, an ċéad duine, agus Aindrias, a ḋearḃráṫair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus sidiad ainimneaċa an dáréag aspol: Símón an ċéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a ḋriṫáir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus a síad so anmanna an dá easbal déug; An ċeadduine ḋíoḃ, Síomón, da ngoirṫear Peadar, agus Aindrías a ḋearḃráṫair; Séumas ṁac Sebedé, agus Eóin a ḋearḃraṫair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 10:2
44 Iomraidhean Croise  

Agus sé lá ’n‐a ḋiaiḋ sin, ṫug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin a ḋearḃráṫair‐sean, agus do rug sé suas iad ar ṡléiḃ árd fá leiṫ: agus do h‐aṫruiġeaḋ a ġné os a gcóṁair:


Annsin ṫáinig ċuige máṫair clainne Sebedé i n‐éinḟeaċt le n‐a clann ṁac, ag uṁlú ḋó, agus ag iarraiḋ faḃair air.


Agus rug sé leis Peadar agus beirt ṁac Ṡebedé, agus do ṫosnuiġ sé ar ḃeiṫ an‐ḃrónaċ, an‐ḃuaiḋearṫa.


Agus ag siuḃal d’Íosa le h‐ais mara Ġalilé, do ċonnaic sé beirt dearḃrátar, Síomón ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a ḋearḃráṫair, do ḃí ag cur lín sa ḃfairrge: óir do b’iascairí iad.


Agus ag imṫeaċt as sin dó, do ċonnaic sé beirt eile dearḃráṫar, Séamas mac Ṡebedé, agus Eoin a ḋearḃráṫair, agus iad i mbád i ḃfoċair a n‐aṫar, Sebedé, ag cóiriú a líonta; agus do ġlaoḋ sé ċuige iad.


Ar n‐imṫeaċt as an tsionagóig dóiḃ, ṫángadar isteaċ i dtiġ Ṡíomóin agus Aindriais, i n‐éinḟeaċt le Séamas agus le h‐Eoin.


Agus ’n‐a ṡuiḋe ḋó ar ċnoc na nOla‐ċrann os cóṁair an teampaill, d’ḟiafruiġ Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus Aindrias de, ar leiṫliġ,


Agus do ċruinniġ na h‐abstail ċum Íosa; agus d’inniseadar dó gaċ niḋ, a raiḃ déanta aca, agus a raiḃ múinte aca.


Ar an aḋḃar sin aduḃairt eagna Dé, Cuirfead fáiḋe agus abstail ċuca; agus marḃócaid cuid aca, agus do‐ġéanaid géirleanaṁain orṫa;


Agus nuair ṫáinig an t‐am, do ṡuiḋ sé síos, agus na h‐abstail ’n‐a ḟoċair.


Agus do ċuir sé uaiḋ Peadar agus Eoin, g‐á ráḋ, Téiġiḋ agus ullṁuiġiḋ an Ċáisc dúinn, go n‐iṫimíd é.


agus ar Ṡéamas agus ar Eoin, mic Ṡebedé, leis, do ḃí ’n‐a bpáirtiḋṫiḃ ag Síomón. Agus aduḃairt Íosa le Síomón, Ná bíoḋ eagla ort; as so amaċ béiḋ tú id’ iascaire ar ḋaoiniḃ.


Agus nuair d’ḟill na h‐abstail, d’inniseadar dó a raiḃ déanta aca. Agus do rug sé leis iad, agus do ċuaiḋ sé go h‐áit ar leiṫ, go caṫair ar a dtugtar Bétsáida.


Ṫáinig Pilib agus d’innis sé d’Aindrias é: ṫáinig Aindrias agus Pilib, agus d’inniseadar d’Íosa é.


Agus do ḃí ag an mbórd duine d’á ḋeisceablaiḃ, do b’ionṁain le h‐Íosa, ’n‐a luiġe ar uċt Íosa.


Do riṫ sí annsin, agus ṫáinig sí mar a raiḃ Síomón Peadar, agus an deisceabal eile ba ionṁain le h‐Íosa, agus aduḃairt sí leo, Do ṫógadar an Tiġearna as an tuama, agus ní ḟuil a ḟios againn cár ċuireadar é.


Is aṁlaiḋ do ḃí i n‐éinḟeaċt le ċéile Síomón Peadar, agus Tomás, d’á ngoirṫear Didimus, agus Natanael as Cána na Galilé, agus clann‐ṁac Ṡebedé, agus beirt eile d’á ḋeisceablaiḃ.


Agus ar iompoḋ do Ṗeadar do ċonnaic sé an deisceabal ba ionṁain le h‐Íosa ag leanaṁain; an té do ṡín ’n‐a uċt ag an suipéar, an té aduḃairt, A Ṫiġearna, cia h‐é ḃraiṫfeas ṫú?


Is é an deisceabal so do‐ḃeir fiaḋnaise i dtaoḃ na neiṫe seo, agus do scríoḃ na neiṫe seo: agus is eol dúinn gur fíor í a ḟiaḋnaise.


Aduḃairt Íosa, d’á ḃriġ sin, leis an dáréag, Arḃ áil liḃ‐se imṫeaċt, leis?


D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Nár ṫoġas‐sa siḃ‐se, dáréag, agus duine agaiḃ ’n‐a ḋiaḃal?


Agus is do Iúdás Ṡíomóin Iscariót do ḃí sé ag tagairt, óir ba eisean do ḃí ċum é do ḃraṫ, agus gur duine de’n dáréag é.


Aduḃairt duine d’á ḋeisceablaiḃ, Aindrias, dearḃráṫair Ṡíomóin Peadar, leis,


Agus ar dteaċt isteaċ ḋóiḃ, ċuadar suas go dtí an seomra uaċtaraċ, mar a raiḃ siad ’n‐a gcóṁnaiḋe; Peadar agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parṫalán agus Maṫa, Séamas Alféuis, agus Síomón Sélótés, agus Iúdás Ṡéamais.


Agus do ċuireadar ar ċrannaiḃ é; agus do ṫuit an crann ar Ṁaitias; agus do h‐áirṁeaḋ é mar ḋuine de’n aon abstal déag.


Agus do ṁarḃ sé Séamas dearḃráṫair Eoin le claiḋeaṁ.


Agus ḃí Peadar agus Eoin ag dul suas isteaċ san teampall, uair an urnaiġe, timċeall na naoṁaḋ h‐uaire.


’N‐a ḋiaiḋ sin taiḋḃriġeaḋ é do Ṡéamas,


Agus ṫug sé daoine áiriṫe ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐abstalaiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a ḃfáiḋiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a soiscéalaiḋṫiḃ; agus cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐aoḋaraiḃ agus ’n‐a dteagascṫóiriḃ;


Uime sin, a ḃráiṫre naoṁṫa, a rannṗáirtiḋṫe san ngairm neaṁḋa, breaṫnuiġiḋ Abstal agus Árd‐Ṡagart an ċreidiṁ adṁuiġmíd, Íosa Críost;


Peadar, abstal Íosa Críost, ċum na muinntire atá ar deoraiḋeaċt, i bPontus, i nGalátia, san Áise, agus i mBitínia,


Síomón Peadar, seirḃíseaċ agus abstal Íosa Críost, ċum na ndaoine fuair an creideaṁ sár‐luaċṁar céadna atá againne; tré ḟíréantaċt ár nDé agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost:


An seanóir ċum na baintiġearna toġṫa agus ċum a clainne, go ḃfuil gráḋ agam dóiḃ san ḃfírinne; agus ní h‐agam‐sa aṁáin, aċt ag na daoiniḃ uile go ḃfuil eolas ar an ḃfírinne aca;


An seanóir ċum Gáius ionṁain, d’á ḃfuil gráḋ agam san ḃfírinne.


Taisbeánaḋ Íosa Críost, ṫug Dia ḋó ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ d’ḟoillsiú d’á ṡeirḃíseaċaiḃ; agus do noċt d’á ṡeirḃíseaċ Eoin iad le teaċtaireaċt aingil,


Mise Eoin, ḃur mbráṫair agus ḃur gcóṁṗáirtiḋe san anró, agus san ríoġaċt, agus san ḃfad‐ḟulang atá i hÍosa, do ḃíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briaṫair Dé, agus ar son fiaḋnaise Íosa.


Déanaiḋ gáirdeaċas mar ġeall uirṫi, a ḟlaiṫeasa, agus a naoṁa, siḃ‐se a abstala agus siḃ‐se a ḟáiḋe; óir atá díoġaltas déanta uirṫi ag Dia ḋaoiḃ.


Agus is mise Eoin do ċuala agus do ċonnaic na neiṫe seo. Agus nuair ċualas agus ċonnacas, do ṫuiteas síos ag aḋraḋ roiṁ ċosaiḃ an aingil do ṫaisbeáin na neiṫe seo ḋom.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan