Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 9:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus cibé daoine naċ nglacfaiḋ ċuca siḃ, ag imṫeaċt as an gcaṫair sin daoiḃ, croṫaiḋ an luaiṫreaḋ de ḃúr gcosaiḃ mar ḟiaḋnaise ’n‐a n‐aġaiḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Agus muna ḃfáiltiġiḋ daoine róṁaiḃ, cibé ar biṫ iad, ag dul amaċ as an ċaṫair sin díḃ, craiṫigiḋ fiú an dusta de bur gcosa mar ḟiaḋnaise ina n-aġaiḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus pé daoine ná glacfaiḋ siḃ imṫiġiḋ amaċ as an gcaṫair sin agus deiniḋ an ceó do ċroṫaḋ d’ḃúr gcosaiḃ mar ḟiaḋnuise ’n-a gcoinniḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus giḋ bé naċ géuḃuiḋ ċuca siḃ, ar ḃfagḃáil na caiṫreaċasin dáoiḃ, craiṫiḋ fós an lúaṫbreaċán dá ḃur gcosniḃ mar ḟíaḋnuisi na naġaiḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 9:5
13 Iomraidhean Croise  

agus béarfaiḋ siad siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ‐sean agus do na Págánaċaiḃ.


Agus cibé áit naċ nglacfaiḋ siḃ, agus naċ n‐éistfiḋ liḃ, ag imṫeaċt daoiḃ as an áit sin, croṫaiḋ an luaiṫreaḋ de ḃonnaiḃ ḃúr gcos mar ḟiaḋnaise ’n‐a n‐aġaiḋ.


Cibé duine ġlacfas ċuige im’ ainm‐se leanḃ d’á leiṫéid seo, is mise ġlacas sé ċuige, agus cibé duine ġlacas mise ċuige, ní mise ġlacas sé, aċt an té do ċuir uaiḋ mé.


An té éisteas liḃse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daoiḃ, is daṁ‐sa ḋiúltuiġeas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daṁ‐sa, diúltuiġeann sé do’n té do ċuir uaiḋ mé.


Agus ar an láṫair d’imṫiġ an loḃra ḋe. Agus d’órduiġ sé ḋó gan a innsin d’aon duine: aċt imṫiġ, agus taisbeán ṫú féin do’n tsagart, agus íoḋbair i n‐éiric do ġlanta mar órduiġ Maois duit, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ.


Agus cibé teaċ i n‐a raċfaiḋ siḃ isteaċ, fanaiḋ annsin, agus imṫiġiḋ as sin.


agus aduḃairt sé leo, Cibé duine ġlacfas ċuige an leanḃ beag so im’ ainm‐se, glacann sé mise: agus cibé duine ġlacfas mise ċuige, glacann sé ċuige an té do ċuir uaiḋ mé: óir an té is luġa eadraiḃ uile, is é is mó.


Aċt do ċroṫadar‐san luaiṫ a gcos ’n‐a gcoinniḃ, agus ṫángadar go h‐Icónium.


Agus nuair do ċuireadar ’n‐a ċoinniḃ, ag cainnt go masluiġṫeaċ, do ċroṫ sé a ċuid éadaiġ, agus aduḃairt sé leo, Ar ḃúr gceann féin go raiḃ ḃúr gcuid fola; atáim‐se glan: as so amaċ raċfad ċum na gCineaḋaċ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan