Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 9:47 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 Agus nuair ṫug Íosa fá deara an maċtnaṁ do ḃí ’n‐a gcroiḋe, do rug sé ar leanḃ beag, agus do ċuir sé ’n‐a ṡeasaṁ le n‐a ais é,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

47 Aċt ar ḟeiceáil smaointe a gcroiḋe do Íosa, ġaḃ sé leanḃ ċuige, agus ċuir sé ina aice féin é,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Agus ċonaic Íosa na smuínte a ḃí ’n-a gcroiḋe, agus do rug sé ar leanḃ, agus ċuir sé ’n-a seasaṁ i n’aice é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

47 Agus ar ḃfaicsin smuaintiġe a gcroiḋe, Díosa, do ġaḃ se leanaḃ ċuige, agus ċuir sé na aice féin é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 9:47
17 Iomraidhean Croise  

Agus ar n‐a ḟeicsin sin d’Íosa, d’imṫiġ sé as an áit sin: agus do lean a lán daoine é;


Agus nuair ṫug Íosa fá ndeara na smaointe do ḃí aca, aduḃairt sé, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag smaoineaḋ go h‐olc i n‐ḃúr gcroiḋeaċaiḃ?


Aċt ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo. Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag ceasnú i n‐ḃúr gcroiḋṫiḃ?


Atá a ḟios againn anois gur ab eol duit an uile niḋ, agus naċ gáḃaḋ ḋuit aon duine ḃeiṫ gad’ ċeistiú: creidimíd d’á ḃriġ sin go dtáinig tú amaċ ó Ḋia.


agus nár ṫeastuiġ uaiḋ teist ar an duine d’ḟáġáil ó aoinneaċ; óir do b’eol dó féin créad do ḃí sa duine.


Aduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, A Ṡíomóin Eoin, An ionṁain leat mé? Do ġoill sé ar Ṗeadar go nduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, An ionṁain leat mé? Agus aduḃairt sé leis, A Ṫiġearna, is eol duit an uile niḋ; atá a ḟios agat gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt Íosa leis, Beaṫuiġ mo ċaoiriġ.


A bráiṫre, ná biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ do réir tuigseana: aċt i dtaoḃ mailíse biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ, aċt i dtaoḃ tuigseana cinn, biḋiḋ ’n‐ḃur ndaoiniḃ fásta.


Agus ní ḟuil éinniḋ d’ár cruṫuiġeaḋ naċ ḃfuil soiléir os cóṁair a ṡúl; aċt atá an uile niḋ noċta, lán‐ḟoscailte roiṁ ṡúiliḃ an té go ḃfuil cunntas againn le déanaṁ leis.


Agus imreoċad bás ar a clainn; agus tuigfiḋ na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduiġeas na duḃáin agus na croiḋeaċa: agus do‐ḃéarfad do gaċ duine agaiḃ do réir ḃur ngníoṁarṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan