Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 9:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Cuiriḋ‐se na ráiḋte seo i dtaisce ’n‐ḃúr gcluasaiḃ: óir atá Mac an Duine le taḃairt i láṁaiḃ daoine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

44 Agus ġaḃ uaṫḃás iad uilig fá ṁór-ċuṁaċt Dé, agus nuair a ḃí siad uilig ag déanaṁ iongantais de gaċ níḋ dá ndearna sé, duḃairt sé le n-a ḋeisciobail: Cuirigiḋ na briaṫra seo i ḃur gcroiḋṫe; óir tá Mac an Duine le taḃairt i láṁa daoine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Agus ḃí uaṫḃás ar na daoine go léir tré ṁór-ċóṁaċt Dé. Agus nuair a ḃíodar go léir ag déanaṁ iongna de sna gníoṁarṫa a ḃí aige ’á ḋéanaṁ, duḃairt sé le n-a ḋeisgiobulaiḃ: Coimeádaiḋ-se cuiṁne ar an gcaint sin i nḃúr gcroiḋe: óir tá Mac an Duine le taḃairt i láṁaiḃ daoine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

44 Taisgiḋ na bríaṫrasa ann ḃur gcluasaiḃ: óir tiofuiḋ ċum ċríċe go dtioḃarṫar Mac an duine a láṁuiḃ na ndaóine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 9:44
26 Iomraidhean Croise  

Ó’n am sin amaċ do ṫosnuiġ Íosa ar a ṁíniú d’á ḋeisceablaiḃ gur ab éigean dó dul go h‐Iarúsalem, agus mórán d’ḟulang ó na seanóiriḃ, agus ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus ó na scríoḃaiḋṫiḃ, agus go gcuirfiḋe é ċum báis, agus go n‐aiséireoċaḋ sé an tríoṁaḋ lá.


Atá a ḟios agaiḃ go mbéiḋ an ċáisc ann tar éis dá lá, agus go dtaḃarfar Mac an Duine suas d’á ċéasaḋ.


Agus do ṫosnuiġ sé ar a innsint dóiḃ, go gcaiṫfeaḋ Mac an Duine mórán d’ḟulang, agus diúltaḋ d’ḟáġáil ó na seanóiriḃ, agus ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus ó na scríoḃaiḋṫiḃ, agus go gcuirfiḋe ċum báis é, agus go n‐éireoċaḋ sé tar éis trí lá.


Óir do ḃí sé ag teagasc a ḋeisceabal, agus ’g‐a ráḋ leo, Atá Mac an Duine le taḃairt i láṁaiḃ na ndaoine, agus cuirfid ċum báis é; agus tar éis a ṁarḃṫa, éireoċaiḋ sé an treas lá.


Agus gaċ uile ḋuine do‐ċuala iad, do ṫaisceadar ’n‐a gcroiḋeaċaiḃ iad, g‐á ráḋ, Créad atá i ndán do’n leanḃ so? Óir do ḃí láṁ an Tiġearna leis.


Agus do ṫarraing sé ċuige an dáréag, agus aduḃairt sé leo, Féaċ, atáimíd ag dul suas go h‐Iarúsalem, agus cóiṁlíonfar gaċ uile niḋ d’á ḃfuil scríoḃṫa ag na fáiḋiḃ i dtaoḃ Ṁic an Duine.


Aċt do ċoiṁéad Muire na neiṫe sin go h‐iomlán, ag maċtnaṁ orṫa ’n‐a croiḋe istiġ.


Agus do ċuaiḋ sé síos leo, agus ṫáinig sé go Nasair; agus do ḃí sé uṁal dóiḃ: agus do ċoiṁéad a ṁáṫair na briaṫra so uile ’n‐a croiḋe.


Agus aduḃairt sé leo, Is iad so na briaṫra do laḃras liḃ, an ḟaid do ḃíos fós ’n‐ḃúr ḃfoċair, gurḃ éigean gaċ a ḃfuil scríoḃṫa i reaċt Ṁaoise, agus ins na fáiḋiḃ, agus ins na salmaiḃ, im’ ṫaoḃ‐sa, do ċóiṁlíonaḋ.


g‐á ráḋ, Caiṫfiḋ Mac an Duine mórán d’ḟulang, agus go séanfaḋ na seanóirí, agus uaċtaráin na sagart, agus na scríoḃaiḋṫe é, agus go marḃóċaiḋe é, agus go n‐aiséireoċaḋ sé an tríoṁaḋ lá.


D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, An gcreideann siḃ anois?


Aċt d’inniseas na neiṫe sin daoiḃ ċum go gcuiṁneoċaiḋ siḃ ar a nduḃairt mé liḃ, nuair ṫiocfas an t‐am. Aċt níor inniseas na neiṫe sin daoiḃ ó ṫosaċ, toisc go raḃas‐sa ’n‐ḃúr ḃfoċair.


D’ḟreagair Íosa ḋó, Ní ḃéaḋ aon ċumas agat im’ aġaiḋ muna dtugtaiḋe ḋuit é ó neaṁ anuas: uime sin, an té ṫug ar láiṁ duit mé, is móide a ṗeacaḋ é.


tugaḋ suas é de réir cóṁairle cinnte agus réiṁ‐eolais Dé, agus do ċroċaḃair‐se agus do ṁarḃaḃar é le láiṁ cuirpṫeaċ:


D’á ḃriġ sin is mó is ċeart dúinn aire ḋúṫraċtaċ do ṫaḃairt do na neiṫiḃ do ċualamar, ar eagla go raċaimís ar fán uaṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan