Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 9:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus ṫarla, nuair do ḃíodar‐san ag imṫeaċt uaiḋ go nduḃairt Peadar le h‐Íosa, A Ṁáiġistir, is maiṫ ḋúinn ḃeiṫ annso: déanaimís trí boṫa; boṫ ḋuit‐se, agus boṫ do Ṁaois, agus boṫ d’Élias: agus gan a ḟios aige créad do ḃí aige d’á ráḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 Agus ṫárla, nuair a ḃí siad ag imṫeaċt uaiḋ, duḃairt Peadar le h-Íosa: A Ṁáiġistir, is maiṫ dúinn a ḃeiṫ annseo; déanamaois trí boṫa, ceann duit-se, agus ceann do Ṁaoise, agus ceann do Elías, óir ní raiḃ a ḟios aige cad é ḃí dá ráḋ aige.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus do ṫárla, nuair a ḃíodar ag imṫeaċt uaiḋ, go nduḃairt Peadar le h-Íosa: A Ṁáiġistir, is maiṫ an ḃail orainne ḃeiṫ anso; agus deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Maois, agus pubal d’Elias; agus gan a ḟios aige cad a ḃí aige ḋ’á ráḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Agus tárlá, agá ḟagḃáil doiḃ, go nduḃairt Peadar ré Híosa, A Ṁaiġisdir, is maiṫ sinne do ḃeiṫ ann so: agus déanam trí boṫa; boṫ ḋuitsi, agus boṫ do Ṁáoisi, agus boṫ Ḋelías: gan fios aige créd a duḃairt sé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 9:33
13 Iomraidhean Croise  

Agus nuair ṫángadar go dtí an sluaġ, ṫáinig ċuige fear, ag sléaċtaḋ ar a ġlúnaiḃ ḋó, agus g‐á ráḋ,


Agus d’ḟreagair Peadar, agus aduḃairt sé le h‐Íosa, A Ṫiġearna, is maiṫ ḋúinn ḃeiṫ annso: má’s áil leat‐sa é, déanaimís annso trí boṫa, boṫ ḋuit‐se, boṫ do Ṁaois, agus boṫ d’Élias.


Aċt aduḃairt Íosa leo, Ní fios daoiḃ créad iarras siḃ. An cupán ólaim‐se, an féidir liḃ‐se a ól? nó an féidir liḃ an baisteaḋ le n‐a mbaistfear mise d’ḟulang?


Agus d’ḟreagair Síomón agus aduḃairt, A Ṁáiġistir, Do ḃíomar ag obair ar feaḋ na h‐oiḋċe, agus níor ṫógamar éinniḋ; aċt ċeana, ó deirir‐se an focal, cuirfead amaċ an líon.


Agus le linn cainnte ḋó, ṫáinig scamall, agus do ċlúduiġ sé iad: agus do ḃí eagla orṫa agus iad ag dul isteaċ fá’n scamall.


Agus d’ḟreagair Eoin agus aduḃairt sé, A Ṁáiġistir, do ċonnacamar duine ag cur deaṁain amaċ id’ ainm‐se; agus do ċoisceamar é, toisc naċ leanann sé i n‐éinḟeaċt linne.


Aduḃairt Pilib leis, A Ṫiġearna, taisbeán dúinn an t‐Aṫair, agus is leor dúinn sin.


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan