Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 9:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus aduḃairt sé leo, Ná beiriḋ rud ar biṫ liḃ le h‐aġaiḋ ḃúr dturais, bata siuḃail, ná mála, ná arán, ná airgead; agus ná bíoḋ ḋá ċóta ag duine agaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus duḃairt sé leó: Ná taḃairigiḋ dadaṁ liḃ le h-aġaiḋ bur n-aistir, bata, ná mála, ná arán, ná airgead, agus ná bíoḋ ḋá ċóta agaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus duḃairt sé leó: Ná tógaiḋ aon rud i gcóir an ḃóṫair, bata ná mála ná arán ná airgead, agus ná bíoḋ ḋá ḃrat ag aoinne agaiḃ;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus a duḃairt sé riú, Ná beiriḋ ní ur biṫ liḃ ċum na sliġeaḋ, bataiġe, ná tiaċ lóin, ná arán, ná aírgead ná bioḋ ḋá ċóta ag cáċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 9:3
12 Iomraidhean Croise  

Agus do ġlaoḋ sé ċuige an dá‐réag, agus do ṫosnuiġ sé ar a gcur amaċ ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt; agus ṫug sé ceannas dóiḃ ar na spioraidiḃ neaṁ‐ġlana;


Agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ i dtaoḃ ḃúr mbeaṫaḋ, créad íosfas siḃ; ’ná i dtaoḃ ḃúr gcuirp, créad ċuirfeas siḃ oraiḃ.


Aċt má’s mar sin éidiġeas Dia féar an ṁaċaire, atá ann indiu, agus caiṫtear san oiġeann amáraċ; naċ mó go mór éideoċas sé siḃ‐se, a luċt an ċreidiṁ ḃig?


Agus aduḃairt sé leo, Nuair do ċuireas uaim siḃ gan sparán, gan mála, gan bróga, an raiḃ éinniḋ i n‐easnaṁ oraiḃ? Agus aduḃradar, Ní raiḃ.


Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leo, An té ag a ḃfuil ḋá ċasóig, taḃraḋ sé do’n té naċ ḃfuil casóg aige; agus an té ag a ḃfuil biaḋ, déanaḋ sé mar an gcéadna.


Agus do‐rinne Léḃí fleaḋ ṁór dó ’n‐a ṫiġ: agus do ḃí cuideaċta ṁór poibleacán agus daoine eile ann agus iad ’n‐a suiḋe ċum biḋ ’n‐a ḃfoċair.


Agus cibé teaċ i n‐a raċfaiḋ siḃ isteaċ, fanaiḋ annsin, agus imṫiġiḋ as sin.


Saiġdiúir i mbun a ḋualgais, ní ċeaduiġeann sé ḋó féin ḃeiṫ gaḃṫa ag gnáṫċúramaiḃ an tsaoġail seo, ċum go mb’ ḟearr ṫaiṫneoċas sé leis an té do ṫoġ mar ṡaiġdiúir é.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan