Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 9:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Óir cibé duine gur nár leis mise agus mo ḃriaṫra, buḋ nár le Mac an Duine eisean, nuair ṫiocfas sé ’n‐a ġlóir féin, agus i nglóir a Aṫar agus na naoṁ‐aingeal.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Óir an té a mbéiḋ náire air fúm-sa agus faoi mo ḃriaṫra, béiḋ náire ar Ṁac an Duine faoi-sean, nuair a ṫiocfas sé ina ġlóir agus i nglóir a Aṫar agus na naoṁ-aingeal.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Óir an t-é do ġlacfaiḋ náire mar ġeall orm-sa agus ar mo ḃréiṫre, glacfaiḋ Mac an Duine náire mar ġeall ar an nduine sin, nuair a ṫiocfaiḋ sé ’n-a ġradam agus i ngradam a Aṫar agus na n-aingeal naoṁṫa,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Oír giḋ bé le buḋ nár misi agus mo ḃriaṫra, buḋ nár le Mac an duine eision, an tráṫ ṫiocfas sé ann a ġloír fein, agus Aṫar, agus na naingeal náoṁṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 9:26
30 Iomraidhean Croise  

Óir tiocfaiḋ Mac an Duine i nglóir a Aṫar mar aon le n‐a aingliḃ; agus annsin ċúiteoċaiḋ sé gaċ aoinneaċ de réir a ġníoṁarṫa.


Aċt nuair ṫiocfas Mac an Duine ’n‐a ġlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinḟeaċt leis, suiḋfiḋ sé annsin i gcaṫaoir a ġlóire:


Aduḃairt Íosa leis, Aduḃrais é: aċt ċeana adeirim leat, Ċifiḋ siḃ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe feasta ar ḋeas‐láiṁ na h‐uile‐ċuṁaċta, agus é ag teaċt ar néalltaiḃ neiṁe.


Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo ḃriaṫra i láṫair an ċinéil aḋaltrannaiġ ṗeacaṁla so, buḋ nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair ṫiocfas sé i nglóir a Aṫar, i n‐éinḟeaċt leis na naoṁ‐aingliḃ.


óir ba ṁó aca an ġlóir ḋaonna ’ná glóir d’ḟáġáil ó Ḋia.


Cionnas do b’ḟéidir go gcreidfeaḋ siḃ‐se, ġlacas onóir ó n‐a ċéile, agus gan aon éileaṁ agaiḃ ar an nglóir ṫig ó’n aon Dia.


Agus aduḃradar‐san, Córnélius ceanntúir, fear cráiḃṫeaċ go ḃfuil eagla Dé air, agus go ḃfuil árd‐ṁeas ag an gcineaḋ Iúdaċ uile air, fuair sé fógraḋ ó aingeal naoṁṫa fios do ċur ort‐sa teaċt ċum a ṫiġe féin, agus éisteaċt le briaṫraiḃ uait.


Óir, ní nár liom an soiscéal: mar is é cuṁaċt Dé é ċum gaċ duine ċreideas do ṡlánú; do’n lúdaċ ar dtús, agus do’n Ġréagaċ mar an gcéadna.


D’á ḃriġ sin bainim aoiḃneas as na laigeaċtaiḃ, as na maslaiḃ, as na géirleanaṁaintiḃ, as na h‐anaċnaiḃ, ar son Ċríost, óir is i n‐am mo laige is mó ḃím láidir.


Aċt im’ ṫaoḃ‐sa, nár leigiḋ Dia go ndéanfainn maoiḋṁeaċas aċt aṁáin as crois Íosa Críost, tríd a ḃfuil an saoġal céasta ḋaṁ‐sa, agus mise do’n tsaoġal.


Cuirim mar aṫċuinġe ort i ḃfiaḋnaise Dé, agus Íosa Críost, agus na n‐aingeal toġṫa, na neiṫe seo do ḋéanaṁ gan claoin‐ḃreiṫ, gan faḃar.


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang na neiṫe seo: aċt ní ḟuil aon náire orm; óir atá a ḟios agam cia ann ar ċreideas, agus atáim cinnte ḋe go ḃfuil ar ċumas dó a ḃfuil curṫa fá n‐a ċúram agam do ċoiṁeád fá ċóṁair an lae úd.


má ṡeasaimíd go dian, riaġlóċaimíd i n‐éinḟeaċt leis: má ṡéanaimíd é, séanfaiḋ seisean sinne, leis:


g‐á ṁeas gur mó dob’ ḟearr masla Ċríost mar ṡaiḋḃreas ’ná seoda na hÉigipte: óir do ḃí sé ag súil leis an luaċ saoṫair.


D’á ḃriġ sin imṫiġmís amaċ as an gcampa ċuige, ag iomċar a ṁasla.


Is d’á leiṫéidiḃ sin do rinne Énoċ, duine de’n seaċtṁaḋ glún ó Áḋaṁ, tarngaireaċt, g‐á ráḋ, Féaċ, atá an Tiġearna tagṫa leis na míltiḃ móra d’á naoṁaiḃ,


Féaċ, atá sé ag teaċt leis na néalltaiḃ; agus ċífiḋ gaċ súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfiḋ treaḃa uile an doṁain d’á ḃárr. Mar sin ḃéas. Amen.


Agus do ċonnacas riġ‐ċaṫaoir ṁór, ġeal, agus an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe innti, gur ṫeiċ an talaṁ agus neaṁ ó n‐a ġnúis; agus ní raiḃ áit le fáġáil dóiḃ.


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


An té ḃeireas buaiḋ, clúdóċar é ar an gcuma sin le h‐éadaiġiḃ geala; agus ní scriosfad a ainm amaċ ċoiḋċe as leaḃar na beaṫaḋ, agus adṁóċad a ainm i láṫair m’Aṫar agus i láṫair a aingeal.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan