Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 9:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus ṫarla, agus é ag guiḋe ’n‐a aonar, go raiḃ na deisceabail ’n‐a ḟoċair: agus do ċeistiġ sé iad, g‐á ráḋ, Cia h‐é adeir na daoine gur mise?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Agus ṫárla, nuair a ḃí sé ag guiḋe ina aonar, go raiḃ a ḋeisciobail fosta ina ċuideaċta, agus ċeistiġ sé iad, ag ráḋ: Cé deir na sluaiġte is mise?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus do ṫarla, nuair a ḃí sé i n’aonar ag guiḋe, go raiḃ a ḋeisgiobuil i n’ḟoċair, agus ċeistiġ sé iad agus duḃairt sé: Cé adeir na daoine is mise?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus tárla, an tan do ḃí sé na áonar ag déanaṁ urnuiġe, go rabbadar a ḋeisciobuil na ḟoċair: agus gur ḟíafruiḋ sé ḋíoḃ, ag ráḋ, Créd a deir an slúaġ cía misi?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 9:18
11 Iomraidhean Croise  

Agus nuair do ḃi na sluaiġte curṫa ċum bealaiġ aige, do ċuaiḋ sé suas an sliaḃ ’n‐a aonar ċum urnaiġe do ḋéanaṁ: agus nuair ṫáinig an tráṫnóna, do ḃí sé annsin n‐a aonar.


Annsin ṫáinig Íosa mar aon leo go h‐áit ar a dtugtar Getsémané; agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Suiḋiḋ‐se annso, go dtéiġead‐sa annsúd anonn agus go ndéanad urnaiġe.


Agus ṫarla, agus é ag déanaṁ urnaiġe i n‐áit áiriṫe, go nduḃairt duine d’á ḋeisceablaiḃ leis, nuair do stad sé, A Ṫiġearna, múin dúinne urnaiġe do ḋéanaṁ, fá mar ṁúin Eoin d’á ḋeisceablaiḃ féin.


Agus ṫarla, nuair do ḃí na daoine go léir baistṫe, agus ḃí Íosa baistṫe, agus ḃí sé ag guiḋe, gur fosclaḋ na flaiṫis,


Agus ṫarla ins na laeṫiḃ sin, go ndeaċaiḋ sé amaċ ar an gcnoc ċum urnaiġe do ḋéanaṁ; agus d’ḟan sé ar feaḋ na h‐oiḋċe ag guiḋe ċum Dé.


Agus d’ḟreagradar‐san, g‐á ráḋ, Eoin Baiste; aċt adeir daoine eile, Élias; agus daoine eile, gur duine de na sean‐ḟáiḋiḃ d’éiriġ.


Agus ṫarla, timċeall oċt lá tar éis na cainnte sin, go dtug sé leis Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus go ndeaċaiḋ sé suas ar ṡléiḃ ċum urnaiġe do ḋéanaṁ.


Agus le linn guiḋe ḋó, ṫáinig aṫrú gné air, agus d’éiriġ a éadaiġe geal, lonnraċ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan