Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 9:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ġlaoḋ sé an dáréag ċuige, agus ṫug sé ḋóiḃ cuṁaċt agus uġdarás ar na deaṁnaiḃ go léir, agus ċum galair do leiġeas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Annsin nuair a ġoir sé ċuige an dáréag Abstal, ṫug sé cuṁaċt agus uġdarás dóiḃ ar na deaṁain go h-uile, agus galair a leiġeas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Do ġlaoiḋ sé ċuige an dáréag Aspol agus ṫug sé ḋóiḃ cóṁaċt agus cumas ar gaċ aicme deaṁan, agus leiġeas ar ġalaraiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus ag gairm a ḋá ḋeisciobal deg ḋó, tug sé neart agus cuṁaċda ḋóiḃ art na huile ḋeaṁnuiḃ, agus ar easláintiḃ do leiġeas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 9:1
15 Iomraidhean Croise  

Do‐ḃéarfad duit eoċraċa ríoġaċta na ḃflaiṫeas: agus cibé niḋ ċeanglóċas tú ar talaṁ, ceanglóċar é ar neaṁ: agus cibé niḋ scaoilfeas tú ar talaṁ, scaoilfear é ar neaṁ.


Agus do leaṫ a ċlú ar fud tíre na Siṫre ar fad, agus tugaḋ ċuige iad‐san go léir ar a raiḃ easláinte, iad do ḃí cráiḋte le galaraiḃ ilġnéiṫeaċa agus le piantaiḃ, agus go raiḃ deaṁain ionnta, daoine go raiḃ an galar tuitimeaċ agus pairilis orṫa; agus do leiġeas sé iad.


Óir is fear mise atá fá ċeannas, agus atá saiġdiúirí fúm féin: agus adeirim leis an ḃfear so, Imṫiġ, agus imṫiġeann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé, agus lem’ ṡeirḃíseaċ, Déan so, agus do‐ġní sé é.


I n‐a ḋiaiḋ sin d’órduiġ an Tiġearna deiċneaḃar agus trí fiċid eile, agus do ċuir sé roiṁe amaċ iad ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt go dtí gaċ caṫair agus áit ’n‐a raiḃ sé féin le teaċt.


Féaċaiḋ, atá cumas taḃarṫa agam daoiḃ ċum naṫraċa niṁe agus scairpeanna do ḃrúġaḋ fá ċois, agus buaiḋ ar gaċ neart na náṁad: agus ní ḋéanfaiḋ éinniḋ anaċain ar biṫ oraiḃ.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té ċreideas ionnam‐sa, na h‐oibreaċa do‐ġním‐se, déanfaiḋ seisean iad mar an gcéadna, agus is mó ’ná iad ḋéanfas sé; toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar.


Aċt doġeoḃaiḋ siḃ neart nuair ṫiocfas an Spiorad Naoṁ oraiḃ: agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr ḃfiaḋnaiḋṫiḃ daṁ‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an doṁain.


Agus de ḃárr creidiṁ ’n‐a ainm‐sean ṫug a ainm neart do’n duine seo, do‐ċí siḃ agus aiṫniġeas siḃ: agus is é an creideaṁ tríd ṫug dó an tsláinte iomlán atá ’n‐bur ḃfiaḋnaise róṁaiḃ go léir.


dána, agus tú ag síneaḋ amaċ do láiṁe ag leiġeas; agus go ndéantar míorḃailtí agus iongantaisí tré ainm do Naoṁ Ṡeirḃísiġ Íosa.


Agus aduḃairt Peadar leis, A Aenéis, atá Íosa Críost ’gad’ ṡlánú: éiriġ, agus cóiriġ do leaba. Agus d’éiriġ sé ar an láṫair.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan