Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 8:43 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 Agus bean ar a raiḃ sruṫ fola le ḋá ḃliaḋain déag, agus go raiḃ a maoin iomlán caiṫte aici ar liaġaiḃ, agus gan leiġeas le fáġáil aici ó ḋuine aca,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

43 Agus ḃí bean áiriṫe ann a raiḃ cur fola uirṫí le ḋá ḃliaḋam déag, agus a raiḃ a maoin go h-iomlán caiṫte aice le liaġa, agus nárḃ ḟéidir le h-aoinneaċ í leiġeas;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 Agus ḃí bean áiriṫe a ḃí ag cailleaṁaint a cod’ fola ar feaḋ ḋá ḃliain déag roimis sin, agus go raiḃ a maoin saoġalta caillte aici le doċtúiríḃ agus é teipiṫe orṫa í leiġeas;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

43 Agus bean do ḃí a ḃflucsa fola dá ḃliaḋuin dég, agus do ċaiṫ a raiḃ aice le leaġaiḃ, agus nar béidir le héinneaċ a leiġeas,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 8:43
22 Iomraidhean Croise  

Óir is d’á n‐acfuinn do ċuireadar‐san ann aċt do ċuir sise ann, d’á dealḃas, a raiḃ aici, a cuid de’n tsaoġal.


agus cibé ball ’n‐a mbeireann sí é, buaileann sí ar lár é: agus cuireann seisean cuḃar as a ḃéal, agus do‐ġní sé gíoscán le n‐a ḟiaclaiḃ, agus atá sé ag cnaoi: agus do laḃras led’ ḋéisceablaiḃ ’g‐a iarraiḋ orṫa a díbirt amaċ as; agus níor ḟéadadar‐san a ḋéanaṁ.


Agus féaċ, bean ’n‐a raiḃ spioraid lag‐ḃriġe le h‐oċt mbliaḋnaiḃ déag; agus do ḃí sí cromṫa, agus ní raiḃ ar ċumas dí í féin do ḋíriú ar ċor ar biṫ.


Agus an ḃean so, inġean Abraċaim, do ḃí fá ċeangal ag Sátan le h‐oċt mbliaḋna déag anuas, nár ċeart í do scaoileaḋ ó’n gceangal sin, lá na sabóide?


Agus nuair ṫáinig sé i dtír, do casaḋ air fear áiriṫe as an gcaṫair go raiḃ deaṁain ann; agus naċ raiḃ éadaiġe air ar feaḋ i ḃfad, agus nár ċóṁnuiġ i n‐aon tiġ, aċt aṁáin ins na tuamaiḃ.


óir do ḃí inġean aṁáin aige agus í tuairim ḋá ḃliaḋain déag d’aois, agus do ḃí sí ’n‐a luiġe i rioċtaiḃ báis. Aċt sa tsiuḃal dó do ḃí an sluaġ ag brúġaḋ air.


ṫáinig sí taoḃ ṫiar de, agus do ċuir sí a lám ar ḟaḃra a ḃrait: agus ar an láṫair do cuireaḋ stad leis an sruṫ fola.


Agus sa tsiuḃal dó, do ċonnaic sé duine do ḃí dall ó rugaḋ é.


aċt cionnas ṫarla go ḃfeiceann sé anois, ní ḟuil a ḟios againn; nó cia d’ḟoscail a ṡúile, ní ḟuil a ḟios againn: cuiriḋ an ċeist air féin; atá sé d’aois, laḃarfaiḋ sé ar a ṡon féin.


Agus ḃí duine áiriṫe, máirtíneaċ ó ḃroinn a ṁáṫar, d’á iomċar, duine do ċuiridís gaċ lá ag geata an teampaill ar a dtugtar an Geata Áluinn, ċum ḃeiṫ ag iarraiḋ déirce orṫa‐san do ḃíoḋ ag dul isteaċ san teampall.


Óir an duine go ndearnaḋ an ṁíorḃail sláinte úd dó, do ḃí sé tuilleaḋ agus dá ḟiċid bliaḋan d’aois.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan