Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 8:35 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus do ċuadar amaċ go ḃfeicfidís créad do ṫuit amaċ; agus ṫángadar ċum Íosa, agus fuaradar an fear as ar imṫiġ na deaṁain, a éadaiġe air, agus é ’n‐a ṡuiḋe ’n‐a ġlain‐ṁeaḃair ag cosaiḃ Íosa: agus do ḃí eagla orṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Agus ċuaiḋ siad amaċ a ḟeiceáil an níḋ a ṫárla, agus ṫáinic siad ċuig Íosa; agus fuair siad an duine, as a ndeaċaiḋ na deaṁain amaċ, ina ṡuiḋe ag a ċosa, a ċuid éadaiġ air agus a ṁeaḃair slán, agus ġaḃ eagla iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus ṫáinig ná daoine amaċ go ḃfeicfidís cad a ḃí tuitiṫe amaċ, agus ṫánadar ag triall ar Íosa; agus fuaradar, ’n-a ṡuiḋe ag cosaiḃ Íosa, ’n-a ġlan-ṁeaḃair agus éadaċ uime, an duine as ar imṫiġ na deaṁain, agus ḃí eagal orṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Agus do ċúadarsan amaċ dféaċain an neiṫ do rinneaḋ; agus tangadar dionnsuiġe Iósa, agus fúaradar an duine, as a ndeaċadar na deaṁuin, a na éaduġaḋ, agus é ar deaġċeill, na ṡuiḋe ag cosaiḃ Iósa: agus go ġaḃ eagla íad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 8:35
13 Iomraidhean Croise  

Agus do leaṫ a ċlú ar fud tíre na Siṫre ar fad, agus tugaḋ ċuige iad‐san go léir ar a raiḃ easláinte, iad do ḃí cráiḋte le galaraiḃ ilġnéiṫeaċa agus le piantaiḃ, agus go raiḃ deaṁain ionnta, daoine go raiḃ an galar tuitimeaċ agus pairilis orṫa; agus do leiġeas sé iad.


Agus ṫángadar ċum Íosa, agus do ċonnacadar an fear ’n‐a mbíoḋ na deaṁain, é ’n‐a ṡuiḋe, agus a éadaiġe air, agus é ’n‐a ṁeaḃair ṡaoġalta, an fear céadna ’n‐a raiḃ an léigiún: agus ṫáinig eagla orṫa.


Agus do ḃí deirḃṡiúr aici darḃ ainm Máire, do ṡuiḋ ag cosaiḃ an Tiġearna ag éisteaċt le n‐a ḃriaṫar.


Aċt nuair do ċruinniġ sé a ṁeaḃair, aduḃairt sé, Naċ iomḋa searḃónta atá ag m’aṫair agus breis agus a ndóṫain aráin aca, agus mise annso ag fáġáil ḃáis le h‐ocras!


Agus ṫarla, tar éis trí lá, go ḃfuaradar é sa teampall ’n‐a ṡuiḋe i measc na n‐ollaṁ, ag éisteaċt leo agus ag cur ceisteann orṫa:


Agus nuair ṫáinig sé i dtír, do casaḋ air fear áiriṫe as an gcaṫair go raiḃ deaṁain ann; agus naċ raiḃ éadaiġe air ar feaḋ i ḃfad, agus nár ċóṁnuiġ i n‐aon tiġ, aċt aṁáin ins na tuamaiḃ.


Agus nuair do ċonnaic siad‐san a ḃí g‐á mbuaċailleaċt an niḋ ṫarla, do ṫeiċeadar, agus d’inniseadar sa gcaṫair agus sa tír é.


Is Iúdaċ mé, rugaḋ i dTarsus Ċilicia, aċt tógaḋ mé san gcaṫair seo, ag cosaiḃ Ġamaliél, do múineaḋ mé go beaċt de réir dliġe ár n‐aiṫreaċ, agus do ḃíos lán de ḋíoġrais ar son Dé, fá mar atá siḃ‐se indiu:


an té do‐ġní peacaḋ, is duine de ċlainn an diaḃail é; óir atá an diaḃal ag déanaṁ peacaiḋ ó ṫús. Ċuige seo is eaḋ do foillsiġeaḋ Mac Dé, ċum go gcuirfeaḋ sé deireaḋ le h‐oibreaċaiḃ an diaḃail.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan