Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 8:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus d’ḟiafruiġ Íosa ḋe, Cad is ainm duit? Agus aduḃairt seisean, Léigiún; óir do ḃí mórán deaṁan tar éis dul isteaċ ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Agus ċeistiġ Íosa é, ag ráḋ: Cad is ainm duit? Agus duḃairt seisean: Léigiún, óir ċuaiḋ mórán deaṁan isteaċ ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus do ċeistiġ Íosa é agus duḃairt: Cad é an ainim atá ort? Agus duḃairt seisean: Leigión; mar ḃí mórán deaṁan tar éis dul isteaċ ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Agus dfiafruiḋ Iósa ḋé, ag ráḋ, Créd is ainm ḋuit? Agus a duḃairt seision, Leiġión: do bríġ go ndeaċádar mórán deaṁan a sdeaċ ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 8:30
7 Iomraidhean Croise  

Nó an measann tú naċ féidir liom glaoḋaċ ar m’Aṫair, agus cuirfiḋ sé ċugam anois díreaċ tuilleaḋ agus ḋá léigiún déag d’aingliḃ?


Agus do leaṫ a ċlú ar fud tíre na Siṫre ar fad, agus tugaḋ ċuige iad‐san go léir ar a raiḃ easláinte, iad do ḃí cráiḋte le galaraiḃ ilġnéiṫeaċa agus le piantaiḃ, agus go raiḃ deaṁain ionnta, daoine go raiḃ an galar tuitimeaċ agus pairilis orṫa; agus do leiġeas sé iad.


Agus, féaċ, do ġlaoḋadar amaċ agus aduḃradar, Cad é an ḃaint atá againn leat‐sa, a Ṁic Dé? an ċum sinn do ċiapaḋ roiṁ an aimsir ṫáinig tú?


Agus nuair d’aiséiriġ sé go moċ ar maidin, an ċéad lá de’n tseaċtṁain, do ṫaisbeán sé é féin ar dtús do Ṁáire Ṁagdaléné, as ar ċuir sé amaċ seaċt ndeaṁain.


Agus d’ḟiafruiġ sé ḋe, Cad is ainm duit? Agus aduḃairt seisean leis, Léigiún is ainm dom; óir is sluaġ sinn.


agus an dáréag i n‐éinḟeaċt leis, agus roinnt ban do leiġeasaḋ ó ainspioraidiḃ agus ó aicídiḃ, Máire ar a dtugtar Magdaléné, as ar imṫiġ seaċt ndeaṁain amaċ,


Aṫċuinġim ort gan mo ṗianaḋ. Óir do ḃí sé g‐á órdú do’n spioraid neaṁ‐ġlain teaċt amaċ as an duine. Óir ba ṁinic do‐ḃeireaḋ sí air: agus do coiṁéadṫaiḋe é fá ġárda, agus do ceangailtiḋe é le slaḃraiḃ agus le geiṁliḃ; agus ag réabaḋ na gcuiḃreaċ ó ċéile ḋó, do ruaigeaḋ an deaṁan amaċ sa ḃfásaċ é.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan