Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 8:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus aduḃairt sé leo, Cá ḃfuil ḃúr gcreideaṁ? Agus do ḃí eagla orṫa agus do ḃí iongnaḋ mór orṫa, agus iad g‐á ráḋ le n‐a ċéile, Cia h‐é seo, go dtugann sé órdú do na gaoṫaiḃ agus do na tonnaiḃ féin, agus go n‐uṁluiġid dó?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Agus duḃairt sé leo: Cá ḃfuil ḃur gcreideaṁ? Agus ḃí eagla agus iongantas orṫa, agus duḃairt siad le n-a ċéile: Cé h-é, dar leat, é seo, óir ḃeir sé órduġaḋ do ġaoṫa agus do ṁuir, agus géilleann siad dó?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus duḃairt sé leó-san: Cá ḃfuil ḃúr gcreideaṁ? Mar ḃí eagal orṫa agus iongna, agus iad ’ġá rád le n-a ċéile, Cad é mar ḋuine é seo, go smaċtuiġeann sé gaoṫ agus faraige agus go ndeinid siad rud air?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Agus a duḃairt sé ríu, Cáit an a ḃfuil ḃar gcreideaṁ? agus ar mbeiṫ le heagla ḋóiḃsion do ġaḃ iongnaḋ íad, ag ráḋ ré ċéile, Cia be so! a deir ris na gáoṫaiḃ agus ris a nuisge fós ḃeiṫ na dtoċd, agus úṁluiġid síad dó.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 8:25
16 Iomraidhean Croise  

Agus ar an láṫair do ṡín Íosa amaċ a láṁ, agus rug sé air, agus aduḃairt sé, A ḟir an ċreidiṁ ḃig, cad ċuige a raiḃ faitċeas ort?


Agus aduḃairt seisean leo, Mar ġeall ar ḃúr n‐easbaiḋ creidiṁ: óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Dá mbéaḋ oiread le gráinne síl mustáird de ċreideaṁ agaiḃ, adéarfaḋ siḃ leis an sliaḃ so, Aistriġ as so annsúd anonn; agus aistreoċaiḋ sé; agus ní ḃéiḋ éinniḋ ann naċ mbéiḋ ar ċumas daoiḃ a ḋéanaṁ.


Má ċlúduiġeann Dia ar an gcuma sin féar an ḃáin, atá ann indiu, agus caiṫtear isteaċ san tsorn i mbáraċ, naċ mó go mór ċlúdóċas sé siḃ‐se, a luċt an ċreidiṁ ḃig?


Agus nuair doċuala Íosa sin, do ḃí iongnaḋ air, agus aduḃairt sé leo‐san do ḃí g‐á leanaṁain, Go fírinneaċ adeirim liḃ, A leiṫéid sin de ċreideaṁ ní ḃfuaras i nIsrael féin.


Agus aduḃairt seisean leo, cad ċuige a ḃfuil eagla oraiḃ, a luċt an ċreidiṁ ḃig? Annsin d’éiriġ sé, agus do ḃagair sé ar na gaoṫaiḃ agus ar an ḃfairrge; agus do ḃí ciúnas mór ann.


Agus aduḃairt sé leo an lá sin, nuair do ḃí an tráṫnóna ann, Téiġmís trasna anonn go dtí an taoḃ ṫall.


Aċt má’s mar sin éidiġeas Dia féar an ṁaċaire, atá ann indiu, agus caiṫtear san oiġeann amáraċ; naċ mó go mór éideoċas sé siḃ‐se, a luċt an ċreidiṁ ḃig?


Agus ṫángadar ċuige, agus do ḋúisiġéadar é, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, a Ṁáiġistir, atáimíd d’ár mbáḋaḋ. Agus do ḋúisiġ sé, agus do ḃagair sé ar an ngaoiṫ agus ar ġargaint na tuinne: agus do stadadar agus ṫáinig ciúnas.


Agus do ṡroiċeadar críoċ na nGerasénaċ, atá os cóṁair na Galilé ṫall.


Aduḃairt Íosa léi, Naċ nduḃras leat, má ċreideann tú, go ḃfeicfir glóir Dé?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan