Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 8:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus ṫángadar ċuige, agus do ḋúisiġéadar é, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, a Ṁáiġistir, atáimíd d’ár mbáḋaḋ. Agus do ḋúisiġ sé, agus do ḃagair sé ar an ngaoiṫ agus ar ġargaint na tuinne: agus do stadadar agus ṫáinig ciúnas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Agus ag dul ċuige dóiḃ, ṁuscarl siad é, ag ráḋ: A Ṁáiġistir, támuid dár gcailleaḋ. Agus ar éirġe dó-san, ḃagair sé ar an ġaoiṫ agus ar ċonfaḋ an uisce; agus stad siad, agus ṫáinic ciúineas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus ṫánadar ċuige agus ḋúisiġeadar é agus duḃradar: A Ṁáiġistir, tá an dár againn. Agus d’eiriġ sé agus do laḃair sé leis an ngaoiṫ agus leis na tonnaiḃ uisge, agus do stadadar agus ṫáinig ciúnas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus ar ndol cuigesean dóiḃ, do ḋúisgeadar é, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, a ṁaiġisdir, a támaoid ar fágḃáil. Agus ar neirġe ḋósan do ḃagair sé ar an gaoiṫ agus ar ṫonnġail a nuisge: agus do ċoisgeadar, agus tainic ciuinas ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 8:24
19 Iomraidhean Croise  

Aċt nuair do ċonnaic sé an ġaoṫ, do ḃí eagla air; agus ag dul fá’n uisce ḋó, do ġlaoḋ sé amaċ, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, fóir orm.


Agus ṫáinig siad ċuige, agus do ḋúisiġeadar é, g‐á ráḋ, Fóir orainn, a Ṫiġearna; tá baoġal báis orainn!


Agus d’éiriġ sé ’n‐a ḋúiseaċt, agus do ḃagair sé ar an ngaoiṫ, agus aduḃairt sé leis an ḃfairrge, Éist, bí socair. Agus do stad an ġaoṫ, agus do ḃí ciúnas mór ann.


Agus do smaċtuiġ Íosa é, g‐á ráḋ, Bí id’ ṫost, agus tar amaċ as. Agus tar a éis do’n deaṁan a ṫreascairt ar lár, ṫáinig sé amaċ as gan aon díoġḃáil do ḋéanaṁ ḋó.


Agus do ṡeas sé os a cionn, agus do smaċtuiġ sé an fiaḃras; agus d’imṫiġ sé ḋí: agus d’éiriġ sí ar an láṫair, agus do‐rinne sí frioṫáileaṁ orṫa.


Agus d’ḟreagair Síomón agus aduḃairt, A Ṁáiġistir, Do ḃíomar ag obair ar feaḋ na h‐oiḋċe, agus níor ṫógamar éinniḋ; aċt ċeana, ó deirir‐se an focal, cuirfead amaċ an líon.


Agus aduḃairt sé leo, Cá ḃfuil ḃúr gcreideaṁ? Agus do ḃí eagla orṫa agus do ḃí iongnaḋ mór orṫa, agus iad g‐á ráḋ le n‐a ċéile, Cia h‐é seo, go dtugann sé órdú do na gaoṫaiḃ agus do na tonnaiḃ féin, agus go n‐uṁluiġid dó?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan