Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 8:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Aċt d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leo, Is iad mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre‐se iad‐san éisteas le briaṫraiḃ Dé, agus do‐ġní d’á réir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus duḃairt sé leo, ġá ḃfreagairt: An luċt a éisteas le ḃriaṫar Dé agus a ġní dá réir, is iad sin mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt leó: An ṁuintir a ḋ’éisteann le briaṫar Dé agus a ḋeineann beart d’á réir, siniad mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus are ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé riu, a siad so mo ṁaṫairse agus mo ḋearḃráiṫreaċa noċ éisdeas bríaṫar Dé, agus do ní dá réir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 8:21
19 Iomraidhean Croise  

Le linn a ċainnte, féaċ, do leaṫ scamall lonnraċ orṫa: agus féaċ, an guṫ as lár an scamaill, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain, ’n‐a ḃfuil mo mór‐aoiḃneas; éistiḋ leis.


Agus freagróċaiḋ an Rí agus adéarfaiḋ sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Cibé niḋ do‐rinneaḃar do’n duine is suaraiġe dem’ ḃráiṫriḃ annso, gur daṁ‐sa do‐rinneaḃar é.


Annsin freagróċaiḋ seisean, g‐á ráḋ, Adeirim liḃ go fírinneaċ, Ó’s rud é naċ ndearnaḃar é d’aoinneaċ de na daoiniḃ seo is suaraiġe, naċ ndearnaḃar daṁ‐sa é.


Annsin aduḃairt Íosa leo, Ná bíoḋ eagla oraiḃ: imṫiġiḋ agus abraiḋ lem’ ḃráiṫriḃ imṫeaċt do’n Ġalilé, agus do‐ċífiḋ siad annsin mé.


Agus an ċuid atá sa talaṁ maiṫ, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriaṫar le deaġ‐ċroiḋe macánta, agus congḃuiġeann siad é, agus do‐ḃeir siad toraḋ go foiġdeaċ uaṫa.


Agus do h‐inniseaḋ ḋó, Atá do ṁáṫair agus do ḋearḃráiṫre ’n‐a seasaṁ amuiġ, agus ba ṁaiṫ leo ṫú d’ḟeicsin.


Má’s eol daoiḃ an méid sin, is aoiḃinn daoiḃ má ġníonn siḃ d’á réir.


Áduḃairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní ċuaḋas suas ċum an Aṫar fós: aċt téiġ ċum mo ḃráiṫreaċ, agus abair leo, Atáim ag dul suas ċum m’Aṫar‐sa agus ḃúr nAṫar‐sa, agus ċum mo Ḋé‐se agus ḃúr nDé‐se.


Ar an aḋḃar sin, ní aiṫniġmíd aon duine feasta do réir na colna: má’s fíor féin go raiḃ aiṫne againn ar Ċríost do réir na colna, ní ḟuil aiṫne againn air ar an gcuma sin anois.


Agus béiḋead mar Aṫair agaiḃ, Agus béiḋ siḃ‐se mar ċlann‐ṁac agus mar ċlann‐inġean agam, adeir an Tiġearna Uile‐ċuṁaċtaċ.


Aċt cuiriḋ an briaṫar i ngníoṁ, gan ḃeiṫ ’n‐ḃur luċt éisteaċta aṁáin, ġ’‐ḃur meallaḋ féin.


Má’s eol díḃ é ḃeiṫ fíréanta, is eol daoiḃ gaċ aoinneaċ ċleaċtas fíréantaċt, gur uaiḋ‐sean do geineaḋ é.


A ċara ionṁain, ná déan aiṫris ar an olc, aċt ar an ṁaiṫ. An té ċleaċtas an ṁaiṫ, is ó Ḋia atá sé: an té ċleaċtas an t‐olc, ní ḟaca sé Dia.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan