Lúcas 8:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)16 Agus ní ḟuil aon duine, ar lasaḋ lóċrainn dó, ċuṁduiġeas fá ḃéal soiṫiġ é, nó ċuireas fá leabaiḋ é; aċt cuireann sé ar ċoinnleoir é, i dtreo go ḃfeicfiḋ siad‐san ṫigeas isteaċ an solas. Faic an caibideilNa Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)16 Agus ní ḟuil aoinneaċ a lasas coinneal, a ḟoluiġeas le soiṫeaċ ná a ċuireas faoi leabaiḋ í, aċt cuireann sé ar ċoinnleoir í, ċun go ḃfeiciḋ na daoine a ḃíos ag teaċt isteaċ an solus. Faic an caibideilNa Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)16 Ní ḋeineann aoinne coinneal do lasaḋ agus í ċur fé ḃéal árṫaiġ nó fé leabaiḋ, aċ curtar ar ċoinnleóir í, i dtreó go ḃfeicfeaḋ na daoine a ṫagann isteaċ an solus. Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)16 Aċd ní ḃfuil neaċ ar biṫ, lasas coinneall, ḟolċas fáoi ṡouiġṫeaċ í, ná ċuireas fáoi leabuiḋ í; aċd cuiriḋ sé a gcoinnleóir í, do ċum go ḃfaicḟeaḋ an luċd ṫéid a sdeaċ an solas. Faic an caibideil |