Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 8:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus an ċuid atá sa talaṁ maiṫ, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriaṫar le deaġ‐ċroiḋe macánta, agus congḃuiġeann siad é, agus do‐ḃeir siad toraḋ go foiġdeaċ uaṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Aċt an ċuid a ṫuit ar an talaṁ ṁaiṫ, is iad sin na daoine a ġlacas an briaṫar le déaġ-ċroiḋe iomlán, a ċongḃuiġeas é, agus a beir toraḋ uaṫa fá ḟoiġid.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Aċ an ċuid a ṫuiteann ar an dtalaṁ fóġanta, siniad an ṁuintir a ġlacann an focal leis an ndeaġ-ċroiḋe is fearr nuair a ċloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toraḋ uaṫa le fadḟulang.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Aċd an ní do ṫuit ann sa talaṁ ṁaiṫ, a síad súd éisdeas ris an mbreiṫir, agus ċungṁas é a gcroiḋe ṡocraiḋ ṁaiṫ, agus do ḃeirid toraḋ úaṫa a ḃfoiġid.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 8:15
40 Iomraidhean Croise  

Aċt an té ḃéas buantseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar.


Aċt aduḃairt seisean, Abair ’n‐a ionad sin, Is beannuiġṫe iad‐san éisteas le briaṫar Dé agus ċoiṁéadas é.


Do‐ḃeir an deaġ‐ḋuine an deaġ‐niḋ amaċ as deaġ‐stór a ċroiḋe; agus do‐ḃeir an droċ‐ḋuine an droċ‐niḋ amaċ as droċ‐stór a ċroiḋe: óir as líonṁaireaċt an ċroiḋe is eaḋ laḃras a ḃéal.


Agus an ċuid do ṫuit i measc an drisliġ, is iad‐san na daoine d’éist, agus sa tsliġe ḋóiḃ, múċtar iad le cúram, agus le saiḋḃreas, agus le pléisiúr an tsaoġail, agus ní ṫugaid toraḋ ċum abaiḋeaċta.


Agus ní ḟuil aon duine, ar lasaḋ lóċrainn dó, ċuṁduiġeas fá ḃéal soiṫiġ é, nó ċuireas fá leabaiḋ é; aċt cuireann sé ar ċoinnleoir é, i dtreo go ḃfeicfiḋ siad‐san ṫigeas isteaċ an solas.


Má tá gráḋ agaiḃ dom, coiṁéadfaiḋ siḃ m’aiṫeanta.


Má ċoiṁéadann siḃ m’aiṫeanta, fanfaiḋ siḃ im’ ġráḋ; fá mar ċoiṁéadas‐sa aiṫeanta m’Aṫar, agus go ḃfanaim ’n‐a ġráḋ.


an ḃeaṫa ṡíorraiḋe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐ṁarḃṫaċt, ag leanṁaint go foiġdeaċ do ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ:


Aċt anois, ar mbeiṫ fuascailte ó ṗeacaḋ ḋaoiḃ, agus siḃ ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do Ḋia, atá toraḋ ḃur saoṫair agaiḃ ċum naoṁṫaċta, agus is í an ḃeaṫa ṡíorraiḋe an deireaḋ béas air.


Óir atá a ḟios agam naċ longuiġeann deaġ‐niḋ ar biṫ ionnam‐sa, is é sin im’ ċolainn: óir is toil liom de ġnáṫ an deaġ‐niḋ do ḋéanaṁ, aċt ní ḟuil ar ċumas dom an deaġ‐niḋ do ċur i ngníoṁ.


Ar an gcuma sin, a ḃráiṫre, atá siḃ‐se marḃ do’n dliġe tré ċorp Ċríost; ċum go mbéaḋ siḃ ceangailte do ḋuine eile, is é sin do’n té do tógaḋ ó na marḃaiḃ, ċum go dtiuḃraimís toraḋ do Ḋia.


Aċt má ḃíonn dóċas againn ċum an niḋ naċ ḃfeicimíd, bímíd ag fuireaċ go foiġdeaċ air.


Ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, agus ní h‐éinniḋ an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt is é an t‐iomlán uṁlú d’aiṫeanta Dé.


óir is le grása do slán uiġeaḋ siḃ tré ċreideaṁ; ní uaiḃ féin é: bronntanas Dé is eaḋ é:


líonta de ṫoraḋ na fíréantaċta, ċum glóire agus aḋṁolta Dé.


ċum go siuḃalfaiḋ siḃ mar d’oirfeaḋ daoiḃ san Tiġearna, go sásóċaiḋ siḃ é ar an uile ṡliġe, ag taḃairt torṫa san uile ḋeaġ‐ġníoṁ, agus ḃur n‐eolas ar Ḋia ag dul i méid;


ṫáinig ċugaiḃ‐se; fá mar tá sé ag taḃairt torṫa ar fud an doṁain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐ḃur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualaḃar agus ’n‐a ḃfuaraḃar eolas ar ġrása Dé i ḃfírinne;


Óir atá gáḃaḋ le foiḋne agaiḃ, ar ṁoḋ, ṫar a éis daoiḃ toil Dé do ḋéanaṁ, go ḃfaiġiḋ siḃ a ḃfuil geallta ḋaoiḃ.


D’á ḃriġ sin is mó is ċeart dúinn aire ḋúṫraċtaċ do ṫaḃairt do na neiṫiḃ do ċualamar, ar eagla go raċaimís ar fán uaṫa.


Agus leigiḋ do’n tseasṁaċt a toraḋ do ṫaḃairt ċum críċe, ċum go raiḃ siḃ lán‐ḟoirḃṫe, iomlán, gan éinniḋ ḃeiṫ i n‐easnaṁ oraiḃ.


Agus is air so aiṫniġmíd go ḃfuil aiṫne againn air, má ċoiṁeádaimíd a aiṫeanta.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan