Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 8:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ġlacas ċuca an briaṫar le h‐áṫas tar a éis dóiḃ éisteaċt leis; agus ní ḟuil fréaṁ aca‐san; creideann siad ar feaḋ tamaill, agus i n‐am caṫuiġṫe téiġeann siad ar gcúl.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Is iad sin ar an ċarraig, an dream a ġlacas an briaṫar le h-áṫas, nuair a ċluin siad é, aċt ní ḃíonn fréaṁaċa ar biṫ acu sin, óir creideann siad ar feaḋ tamaill, agus le linn an ċaṫuiġṫe téid siad ar gcúl.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus an ċuid a ṫuiteann ar an gcaraig, siniad an ṁuintir a ġlacann an focal le h-áṫas nuair airiġid siad é; aċ ní ḃíd na préaċa acu san; creidid siad ar feaḋ tamaill agus i n-am an ċaṫa téiġid siad ar gcúl.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus an dream úd air an gcarruic, noċ an tan do ċluinid, gaḃuid ċuca an briaṫar maille lé gáirdeaċus; aċd ní ḃfuil fréaṁ aca so, noċ ċreideas feaḋ tamuill, agus ḟilleas ar a nais a naimsir an ċaṫaigṫe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 8:13
37 Iomraidhean Croise  

óir do ḃí eagla ar Ioruaṫ roiṁ Eoin, mar do ḃí a ḟios aige gurḃ ḟear fíreanta naoṁṫa é, agus do ċoiṁéad sé slán é. Agus nuair d’éisteaḋ sé leis, do ċuireaḋ sé buaiḋirt aigne air, aċt ċeana d’éistfeaḋ sé leis go fonnṁar.


Iad‐san atá le h‐ais an ḃealaiġ is iad na daoine éisteas; annsin tig an diaḃal, agus tógann sé an briaṫar as a gcroiḋe, ar eagla go gcreidfidís agus go saorfaiḋe iad.


Agus an ċuid do ṫuit i measc an drisliġ, is iad‐san na daoine d’éist, agus sa tsliġe ḋóiḃ, múċtar iad le cúram, agus le saiḋḃreas, agus le pléisiúr an tsaoġail, agus ní ṫugaid toraḋ ċum abaiḋeaċta.


Aon ċraoḃ díom naċ dtugann toraḋ, scoiṫeann sé í: agus aon ċraoḃ do‐ḃeir toraḋ, glanann sé í ċum go dtiuḃraḋ sí tuilleaḋ torṫa.


Aon duine naċ ḃfanann ionnam‐sa, caiṫtear é amaċ aṁail craoḃ, agus feoġann sé; agus bailiġtear iad agus caiṫtear isteaċ sa teiniḋ iad, agus dóiġtear iad.


Ba eisean an lóċrann ar lasaḋ agus ag soillsiú: agus ar feaḋ tréiṁse níor ṁisde liḃ‐se aoiḃneas d’ḟáġáil ’n‐a ṡolas.


Agus dá mbéaḋ buaiḋ na fáiḋeadóireaċta agam, agus dá dtuiginn gaċ rúindiaṁair agus gaċ eolas, agus dá mbéaḋ gaċ creideaṁ agam ar ṁoḋ go ḃféadfainn sléiḃte d’aistriú, agus mé ḃeiṫ gan gráḋ, atáim gan éifeaċt.


agus tré n‐a slánuiġtear siḃ, leis; má ċoiṁeádann siḃ go daingean an briaṫar do ṡeanmóireas doiḃ, munar ċreideaḃar go neaṁ‐éifeaċtaċ.


A Ġalátaċa gan ċéill, cia h‐é do ċuir fá ḋraoiḋeaċt siḃ, gur noċtaḋ Íosa Críost, agus é céasta, go soiléir os cóṁair ḃur súl?


Ar ḟulaing siḃ an oiread sin gan éifeaċt? má’s fíor gur gan éifeaċt é.


ċum go ndéanaiḋ Críost cóṁnaiḋe ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ tré ċreideaṁ: ar ṁoḋ, ar mbeiṫ ḋaoiḃ fréaṁuiġṫe agus bunuiġṫe i ngráḋ,


aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.


siuḃlaiḋ ann d’á réir, siḃ fréaṁuiġṫe agus daingniġṫe ann, fá mar tugaḋ teagasc daoiḃ, ag dul i méid ann le lán‐ḃuiḋeaċas.


D’á ḃriġ sin, nuair nárḃ ḟéidir liom foiḋneaṁ níb’ ḟaide, d’iarras faisnéis d’ḟáġáil i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéaḋ caṫú curṫa ag an gcaṫuiġṫeoir oraiḃ, agus go mbéaḋ ár saoṫar i n‐aisce.


ag coiṁeád an ċreidiṁ agus consiais ṁaiṫ; rud atá tréigṫe ag daoiniḃ áiriṫe go ḃfuil long‐ḃriseaḋ déanta de’n ċreideaṁ aca.


Aċt ní daoine de’n dream ċasas siar agus cailltear sinne, aċt daoine de’n dream ċreideas ċum a n‐anam do ṡlánú.


Óir fá mar tá an corp marḃ gan an t‐anam ḃeiṫ ann, ar an gcuma ċéadna, rud marḃ is eaḋ creideaṁ gan gníoṁarṫa.


Óir, tar a éis dóiḃ teaċt saor ó ṫruailliú an tsaoġail tré eolas an Tiġearna, agus an tSlánuiġṫeora Íosa Críost, má greamuiġtear iad ann arís agus má buaiḋtear orṫa, is measa a staid deiriḋ ’ná a gcéad staid.


Is é rud d’éiriġ ḋóiḃ, mar deir an sean‐ḟocal fíor, D’ḟill an madaḋ ar ais ċum a aiṫsceaṫraiġe, agus an ċráin do niġeaḋ ċum ḃeiṫ ag ionfairt san laiṫiġ.


Do ċuadar amaċ as ár measc, aċt níor ḋaoine ḋínne iad; óir dá mba daoine ḋínn iad d’ḟanfaidís i n‐éinḟeaċt linn; aċt d’imṫiġeadar ċum go mba léir naċ daoine ḋínne iad uile.


Atáid mar ḃéaḋ cairrgeaċa foluiġṫe ’n‐ḃur ḃfleaḋannaiḃ gráḋa, ag iṫe go craosaċ, mí‐náireaċ ’n‐ḃur gcuiḃreann, ag taḃairt aire ḋóiḃ féin aṁáin; néallta gan uisce d’á scuabaḋ le gaoṫaiḃ; crainn fóġṁair gan toraḋ, atá marḃ fá ḋó, do tarraingeaḋ as a ḃfréaṁaiḃ;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan