Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 8:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Iad‐san atá le h‐ais an ḃealaiġ is iad na daoine éisteas; annsin tig an diaḃal, agus tógann sé an briaṫar as a gcroiḋe, ar eagla go gcreidfidís agus go saorfaiḋe iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Iad sin ar ṫaoiḃ an ḃóṫair, is iad a ċluin, aċt tig an diaḃal ina ḋiaiḋ sin, agus tógann sé an briaṫar as a gcroiḋṫe, ar eagla go gcreideaḋ siad agus go slánuiġtí iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 An ċuid a ṫuiteann i n-aice an ḃóṫair, siniad na daoíne a ċloiseann, agus tagann an diaḃal ’n-a ḋiaiḋ san agus tógann sé an focal as a gcroiḋe, i dtreó ná creidfidís agus ná saorfaí iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus an dream úd ċois na sliġeaḋ a siad éisdeas; na ḋiáiġ sin tig an díaḃal, agus tógḃuiḋ sé an ḃriáṫar as a gcróiḋe, deagla go gcreidfidís agus go slánéoċṫáoi iád.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 8:12
13 Iomraidhean Croise  

Nuair do‐ċluin aoinneaċ briaṫar na ríoġaċta, agus naċ dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an niḋ do cuireaḋ ’n‐a ċroiḋe. Is é sin an té ’n‐ar cuireaḋ an síol le h‐ais an ḃealaiġ ṁóir.


agus ag cur an tsíl dó, ṫuit cuid de le h‐ais an ḃealaiġ ṁóir, agus ṫáinig na h‐éanlaiṫe agus d’iṫeadar é: agus do ṫuit cuid eile ḋe ar ṫalaṁ cloċaċ,


Agus na daoine ’n‐a gcurtar an síol i n‐aice an ḃealaiġ, is iad‐san na daoine ’n‐a gcurtar an briaṫar, aċt nuair ċloiseas siad é, tig Sátan ar an láṫair, agus tógann sé uaṫa an briaṫar do cuireaḋ ionnta.


Is í seo briġ na saṁlacide: Is é briaṫar Dé an síol.


Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ġlacas ċuca an briaṫar le h‐áṫas tar a éis dóiḃ éisteaċt leis; agus ní ḟuil fréaṁ aca‐san; creideann siad ar feaḋ tamaill, agus i n‐am caṫuiġṫe téiġeann siad ar gcúl.


do laḃair sé as saṁlaoid: D’imṫiġ síoladóir amaċ ag cur a ċuid síl: agus ag cur an tsíl dó, ṫuit cuid de le h‐ais an ḃealaiġ; agus do gaḃaḋ de ċosaiḃ ann, agus d’iṫ éanlaiṫ na spéire é.


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan