Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 8:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ṫarla, tamall ’n‐a ḋiaiḋ sin, go ndeaċaiḋ sé tré ċaṫraċaiḃ agus tré ḃailtiḃ beaga, ag seanmórú agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil ríoġaċta Dé,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus ṫárlá ina ḋiaiḋ sin gur ṫaisteal sé caṫraċa agus bailte, ag seanmóir agus ag craoḃscaoileaḋ ríoġaċt Dé, agus mar aon leis an dáréag,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus do ṫárla, ’n-a ḋiaiḋ san, é féin a ḃeiṫ ag gaḃail tré ċaṫaraċaiḃ agus tré ḃailtiḃ, ag seanmóin agus ag craoḃsgaoileaḋ ríġeaċta Dé agus an dáréag i n-aonḟeaċt leis.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus tárla na ḋiáiġ so, gur ṡioḃuil seisean tré gaċ caṫair, agus gaċ baile, ag seanmóruġaḋ, agus ag siosgéuluġaḋ ríoġaċda Dé: agus an dá ḟear ḋég na ḟoċair,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 8:1
18 Iomraidhean Croise  

Agus ṫarla, nuair do ċríoċnuiġ Íosa múineaḋ a ḋáréag deisceabal, gur imṫiġ sé as an áit sin ċum teagasc agus craoḃscaoileaḋ do ḋéanaṁ ’n‐a gcaṫraċaiḃ‐sean.


Nuair do‐ċluin aoinneaċ briaṫar na ríoġaċta, agus naċ dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an niḋ do cuireaḋ ’n‐a ċroiḋe. Is é sin an té ’n‐ar cuireaḋ an síol le h‐ais an ḃealaiġ ṁóir.


Agus do ġluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas an uile ġalair agus breoiteaċta i measc na ndaoine.


Agus do ġluais Íosa ṫart timċeall ins na caṫraċaiḃ agus ins na bailtiḃ beaga, ag teagasc ’n‐a sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas gaċ uile ṡóirt galair agus breoiteaċta.


Agus do ċuaiḋ sé isteaċ i n‐a sionagógaiḃ ar fud na Galilé, ag seanmórú agus ag caiṫeaṁ deaṁan amaċ.


Agus d’ḟás an leanḃ, agus do neartuiġ sé ’n‐a spioraid, agus d’ḟan sé ins an ḃfásaċ go dtí an lá ’n‐a raiḃ air a ḟoillsiú féin d’Israel.


Agus ṫarla, lá aṁáin, agus é ag teagasc na ndaoine sa teampall, agus ag craoḃscaoileaḋ an tsoiscéil, go dtáinig ċuige uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe i n‐éinḟeaċt leis na seanóiriḃ;


Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,


Agus d’imṫiġeadar‐san, agus do ġluaiseadar rómpa ar fud na mbailte mbeag, ag craoḃscaoileaḋ an tsoiscéil, agus ag leiġeas ins gaċ aon ḃall.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.


Agus atáimíd ag taḃairt na geallaṁna ḋaoiḃ tugaḋ do na sinnsearaiḃ,


agus cionnas ḋéanfas daoine seanmóir muna seoltar iad ċuige? mar atá scríoḃṫa, Naċ áluinn iad cosa na ndaoine do‐ḃeir deaġ‐scéala áṫais!


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan